skip to main content

Príosún gearrtha ar Aaron Brady agus ar fhear eile faoi chomhcheilg le bac a chur ar fhinnéithe i gcás dhúnmharú Adrian Donohoe

3 bliana eile gearrtha ar Aaron Brady a bhfuil 40 bliain príosúin gearrtha cheana air faoin nGarda Donohoe a mharú.
3 bliana eile gearrtha ar Aaron Brady a bhfuil 40 bliain príosúin gearrtha cheana air faoin nGarda Donohoe a mharú.

Tá príosún gearrtha ar bheirt fhear faoi iarrachtaí a dhéanamh bac a chur ar bheirt fhinnéithe fianaise a thabhairt in aghaidh Aaron Brady faoi dhúnmharú an Gharda Adrian Donohue, an Bleachtaire a caitheadh agus a maraíodh ag Comhar Creidmheasa an Tiarnais i gCo Lú 11 bliain ó shin.

Bhí sé ráite ag na finnéithe gur chuala siad Aaron Brady (a bhí 22 bliain d'aois ag an am) ag admháil go raibh Garda caite aige agus cé nár thug duine acu fianaise sa gcúirt, ciontaíodh fear Chrois Mhic Lionnáin i gCo Ard Ard Mhacha i ndúmharú an bhleachtaire agus tá sé ag cur isteach ar a laghad 40 bliain príosúin.

Inniu gearradh 3 bliana sa mbreis ar sin air, as cúrsa na córa a chur as a riocht as iarrachtaí a dhéanamh bac a chur ar fhinnéithe fianaise a thabhairt ina aghaidh.

D’admhaigh Aaron Brady go ndearna sé taifeadadh ó ríomhaire glúine d’fhíseán den fhinné Ronan Flynn nuair a bhí sé faoi agallamh ag na Gardaí ar dháta idir Feabhra agus Bealtaine 2020.

Thug Ronan Flynn le fios do na Gardaí go raibh Brady cloiste aige ag rá go raibh an Garda Donohoe caite aige 3 huaire.

Foilsíodh an físeán ina dhiaidh sin ar na meáin shóisialta.

Níor thug Ronan Flynn fianaise le linn na trialach agus dúirt an Breitheamh Michael White ag an am gur "díspeagadh cúirte scannalach" a bhí déanta nuair a foilsíodh an físeán agus go mba léir gur iarracht a bhí ann an tUasal Flynn agus finnéithe eile a scantrú agus a imeaglú le nach dtabharfadh siad fianaise.

Cuireadh san áireamh san bpionós inniu cúis eile i leith Aaron Brady go ndeachaigh sé i mbun comhcheilge le iarracht a dhéanamh bac a chur ar fhinné eile, Daniel Cahill, idir Aibreán agus Meitheamh 2020.

An Bleachtaire Donohoe

Bhí Aaron Brady ar a thriail ag an am faoi dhúnmharú an Gharda mí Eanáir 2013.

Gearradh príosún inniu chomh maith ar Dean Byrne as Páirc na Cabraí i mBaile Átha Cliath as a bheith i mbun comhcheilge freisin le cúrsa na córa a chur ó mhaith le linn na trialach faoin dúnmharú.

2 bhliain príosúin a gearradh ar Dean Byrne (31) atá ciontaithe cheana faoi choiriúlacht fhoréigneach.

Ciontaíodh Dean Byrne níos luaithe i mbliana sa gCúirt Choiriúil Speisialta as a bheith i mbun comhcheilge le Brady - idir Aibreán agus Meitheamh 2020 nuair a bhí an bheirt acu i ngéibheann i bPríosún Mhuinseo - ar mhaithe le iallach a chur ar an bhfinné Daniel Cahill gan fianaise a thabhairt in aghaidh Brady.

Tá Dean Byrne sa bpríosún de bharr buirgléireacht fhoréigneach a rinne sé féin agus seisear eile coirpeach i 2013 ar theach cónaithe i dTiobraid Árann inar cuireadh sceoin ar bheirt dhuine fásta agus a gclann, triúr cailíní beaga faoi 8 mbliana d’aois.

Bhí sé ciontaithe 127 babhta roimhe sin.

Bhí sé le scaoileadh saor as an bpríosún roimh dheireadh na bliana, ach tá an 2 bhliain a gearradh inniu air anois le déanamh aige sula scaoilfear amach é.

Dúirt an Breitheamh Paul Burns inniu gur "coireanna fíor-thromchúiseacha a bhí i gceist a théann go croílár an chórais ceartais agus an chóras dlí i dtír dhaonlathach."

Dúirt an breitheamh gur i bPríosún Mhuinseo a chur Brady agus Byrne aithne ar a chéile, agus gur ann a chuaigh siad i mbun comhcheilge le bac a chur ar na finnéithe.

"Finné tábhachtach" ab ea Ronan Flynn, a dúirt an breitheamh, a chaith tamall ina chónaí i Nua Eabhrach le Aaron Brady, áit ar dhúirt Brady leis níos mó ná uair amháin go raibh Garda caite aige.

Rinne Ronan Flynn agallamh leis na Gardaí, a raibh taifeadadh déanta air.

Tugadh ríomhaire glúine do Aaron Brady sa bpríosún go mbeadh deis aige an t-agallamh a fheiceáil.

Bhí an ceangal leis an idirlíon a bhíodh ag an ríomhaire curtha ó mhaith ach d’éirigh le Brady an t-agallamh a thaifeadadh ar fhón póca agus é a sheoladh ar WhatsApp.

Ina dhiaidh sin bhí giotaí den fhíseán crochta ar Facebook agus ar YouTube agus ráitis curtha leo gur "brathadóir brocach" a bhí in Ronan Flynn a bhí "ag sceitheadh ar a chol ceathracha féin" ar mhaithe le "Cárta Glas a aimsiú agus ionas go scriosfaí cúisimh a bhí curtha ina aghaidh féin."