skip to main content

Tús áite á thabhairt feasta ag an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta do lucht lorgtha dídine as an Nigéir agus as an Iordáin

An Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta, Sraid an Mhóta, BÁC.
An Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta, Sraid an Mhóta, BÁC.

Beidh tús áite á thabhairt feasta ag an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta do lucht lorgtha dídine as an Nigéir agus as an Iordáin, a deir an tAire Dlí is Cirt Helen McEntee.

Daoine de bhunú na dtíortha sin a ba chúis leis an líon ab airde iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le ráithe.

Tá idirdhealú déanta anois idir cásanna as an dá thír sin agus cásanna daoine de bhunú 15 tír atá aicmithe ina "dtíortha sábháilte", cé go ndéantar próiseáil níos scafánta ar iarratais daoine as na tíortha sin chomh maith.

Tá lucht lorgtha dídine ón gcoigríoch ag cur fúthu ar thaobh na sráide ag an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ó thús na bliana.

Mí an Aibreáin a deir an Roinn Dlí is Cirt a tosaíodh ag pléigh ar bhonn práinne le cásanna daoine as an Nigéir, an tír as a dtáinig an líon is airde iarratas le 3 mhí roimhe sin.

"Cinnteoidh próiseáil faoi dhlús sa mbreis cinntí níos tapúla, mar sin má tá duine i dteideal cosanta beidh deis níos luaithe acu saol a chruthú dóibh féin anseo i nÉirinn, agus muna bhfuil duine ina theideal beidh siad in ann filleadh ar a dtír dhúchais go pras" a deir an tAire McEntee.

An tAire Dlí is Cirt

Deir an tAire go bhfuil "53% de laghdú tagtha ar iarratais as an Nigéir ó tugadh faoin bpróiseáil níos scafánta."

Deifreofar an próiseas níos mó fós agus laghdófar tuilleadh an brú ar an gcóras cosanta idirnáisiúnta a deir an Roinn, anois agus an Iordáin – as a dtáinig an dara líon is airde iarratas – freisin sa bpróiseas níos gasta.

Cois na Canálach Móire, 400 méadar ón Oifig Cosanta ar Shráid an Mhóta, áit a raibh na céadta ag cur fúthu i bpubaill gur díbríodh as an áit iad san Meitheamh.

De réir fhigiúirí na Roinne, an chéad 6 mhí den bhliain, déanadh 2,999 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta as an Nigéir;

1,037 as an Iordáin;

769 as an bPacastáin;

664 as an tSomáil;

agus 649 as an mBangladéis.

10,600 iarratas ar thearman sa n-iomlán a fuair an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ó thús 2014 go deireadh mhí an Mheithimh.

Tá an Roinn Dlí is Cirt a deir siad tar éis a dhá oiread foirne a chur ag pléigh leis an gcóras cosanta le próiseáil na n-iarratas a dheifriú.

Tá ionad nua próiseála ag feidhmiú ar Bhóthar Iarthar na Cathrach, ar chiumhais thiar na hArdcathrach, ón Aibreán.

Tá líon na n-orduithe díbeartha méadaithe go mór le bliain, 90% d'ardú ó 617 duine a fuair ordú an tír a fhágáil anuraidh go 1,174 i mbliana.

"Tíortha Sábháilte"

Mí na Samhna 2022 a déanadh aicmiú ar "thíortha sábháilte" ar mhaithe le luas a chur faoi phróiseáil iarratas ar thearmann.

Tá 15 tír anois ar Liosta na dTíortha Sábháilte:

An Afraic Theas, an Ailgéir, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhotsuáin, an Bhrasaíl, an Chosaiv, an Éigipt, India, an Mhacadóin Thuaidh, an Mhaláiv, Montainéagró, Maracó, an tSeirbia agus an tSeoirsia.

Faoin gcóras tá lucht lorgtha dídine as na tíortha sin in ainm is a gcás a bheith éistithe agus cinneadh déanta fúthu i dtréimhse 90 lá ar a mhéid.

Fiú más de bhunú cheann de na "Tíortha Sábháilte" duine atá ag lorg tearmainn i nÉirinn, ní gá go ndiúltófaí scun scan iad.

Ach cuireann sé an dualgas ar an té atá i mbun iarratais a léiriú cén fáth gur cheart eisceacht a dhéanamh dóibh agus tearmann a bhronnadh orthu.