Tá fear thart ar 25 tar éis bháis i dtimpiste bóthair i gCo na Mí aréir, rud a fhágann go bhfuil cúigear curtha den tsaol i dtubaistí tráchta ag an deireadh seachtaine.
Ar an R161 idir Baile Átha Troim agus an Uaimh tuairim is a 10 a chlog aréir a maraíodh an fear, i dtimpiste nach raibh ach aon charr amháin.
Tugadh an fear chuig Ospidéal Muire Lourdes i nDroichead Átha áit ar cailleadh é.
Beidh an bóthar ag láthair na timpiste dúnta cuid mhaith den lá inniu agus an trácht á cur ar mhalairt slí.
Beirt maraithe i dtimpiste eile i gCo na Mí
Tráthnóna inné maraíodh beirt fhear de bharr thimpiste ar an R195 in aice leis an Seanchaisleán i gCo na Mí freisin.
3 ghluaisrothar a bhí i gceist tuairiscítear.
Maraíodh ar an toirt beirt fhear ar ghluaisrothar amháin, tiománaí agus paisinéir, duine acu thart ar 35 agus an duine eile os cionn dhá scór.
Tugadh an dá chorp chuig Ospidéal Muire ar an Uaimh áit a gcurfar scrúdú iarbháis orthu.
Tugadh tiománaí gluaisrothair eile chuig Ospidéal na hOllscoile Tamhlacht agus é gortaithe go han-dona.
Tá an ceathrú fear, tiománaí an tríú gluaisrothar, in Ospidéal Ginearálta an Chabháin ach níl seisean gortaithe ró-olc.
Gasúr maraithe i dtaimse scútar leictreach i gCill Chainnigh
Tráthnóna Dé Sathairn a bhásaigh buachaill 14 bliain d'aois de bharr thimpiste idir carr agus scútar leictreach.
Leathuair tar éis a 6 tráthnóna a bhí ann, ar Bhóthar Thulach Ruáin in aice le Baile an Bhoinéisigh.
Ar an scútar a bhí an gasúr, Joe McCarthy as Cathair Chill Chainnigh.
Tugadh chuig Ospidéal Ginearálta Lúcáis é, áit ar bhásaigh sé an oíche chéanna.
Dúirt ionadaí tofa san áit, an Comhairleoir Condae Joe Malone, go bhfuil a mhuintir agus an pobal go léir trína chéile.
"Bhí aithne ag chuile dhuine ar Joe" a dúirt an Comhairleoir Malone "mar go mbíodh sé seasta ag iascach. Duine den lucht siúil a bhí ann, seachtar ar fad acu sa gclann, agus tá a theaghlach agus muid uilig briste, buailte ag an mbrón."
Fear 40 bliain d’aois maraithe i gCo Chorcaí
Maraíodh fear 40 bliain d’aois i dtubaiste eile tráchta in aice le Cionn tSáile moch maidin Dé Sathairn.
Ba é sin Finbarr Coleman, paisinéir i gcarr a d’imigh den bhóthar i mBaile na Móna, thart ar leathuair tar éis a haon ar maidin.
Bhí riar eile paisinéirí chomh leis an tiománaí sa gcarr, a bhuail clais 4km siar as Cionn tSáile.
Ghabh na Gardaí an tiománaí, fear tuairim is 30, ar an láthair.
Imní ar na Gardaí faoi Ghluaisrothair
113 sa n-iomlán anois atá curtha den tsaol ar na bóithre ó thús na bliana.
"Údar imní" a deir na Gardaí an líon gluaisrothaithe maraithe nó gortaithe go dona.
"16 atá maraithe i dtubaistí gluaisrothar i mbliana, ráta níos airde ná an 26 a bhásaigh le linn 2023 ar fad" a dúirt an Ceannfort Liam Geraghty.