Sa bPríomhchúirt Choiriúil inniu, chlis ar thriail fir a bhfuil dúnmharú curtha ina leith.
Tá sé curtha i leith Brian Ibe – atá 23 bliain d'aois agus nach bhfuil seoladh cónaithe buan aige – gur dhúnmharaigh sé Peter Kennedy, 65 bliain d’aois. Admhaíonn Brian Ibe gur mharaigh sé Peter Kennedy, ach phléadáil sé neamhchiontach de bharr go raibh sé as a mheabhair, a deir sé, nuair a mharaigh sé é.
Cé nach bhfuil áit chónaithe bhuan ag Brian Ibe faoi láthair, bhí seoltaí aige roimhe seo i nDroichead Nua i gCill Dara agus in Iontaobhas Peter McVerry i mBaile Átha Cliath 12. Bhí Peter Kennedy tar éis lóistín a thairiscint do Brian Ibe agus a mháthair ina theach cónaithe féin go dtí go bhfaighidís lóistín nua dóibh féin. Ach mharaigh Brian Ibe é tráth éigin idir 28 Aibreán 2020 agus 12 Bealtaine 2020.
Tá sé curtha ina leith freisin go ndearna sé ionsaí go raibh díobháil mar thoradh air ar an nGarda Brendan O’Donnell ag Stáisiún na nGardaí i nDroichead Nua ar 29 Aibreán 2020. Phléadáil sé neamhchiontach san ionsaí sin freisin, mar go raibh sé as a mheabhair, a deir sé.
Chlis ar an triail inniu mar go ndúirt abhcóidí cosanta Brian Ibe go nglaofaí finnéithe sa bhreis go dtí clár na moinn le fianaise a thabhairt. Ach bhí mearbhall ann faoin gcineál finnéithe a bheadh iontu. Is féidir le saineolaithe ar mheabhairshláinte a dtuairimí a roinnt i bhfianaise maidir meabhairshláinte an duine, ach caithfidh gnáthfhinnéithe cloí le fíricí ina gcuid fianaise.
Scaoileadh saor an giúire mar go ndúirt an Breitheamh Burns go mbeadh tréimhse fhada i gceist sula mbeadh cinneadh déanta faoin gcineál fianaise a bheidh á tabhairt ag na finnéithe éagsúla.
Bhí dhá lá fianaise tugtha faoin tráth a chlis ar an trial inniu. Tugadh fianaise gur thug Peter Kennedy lóistín do Brian Ibe agus a mháthair, Martha, i nDroichead Nua i 2019. Rinneadh ionsaí ar an Uasal Kennedy agus fuair sé bás coicís ní ba dhéanaí.
Tugadh fianaise gur "fhear uasal" é Peter Kennedy. Ba ghnách leis lóistín a chur ar fáil do dhaoine gan dídean. Oifigeach promhaidh a bhí ann, ach bhí sé ar scor. Tugadh fianaise go raibh eagla air roimh Brian Ibe, áfach.
Tugadh fianaise freisin go bhfaca máthair Brian Ibe a mac ag sá Peter Kennedy sa mhuinéal. Chuala sí a mac ag bagairt ar Peter Kennedy go maródh sé é.