skip to main content

Fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun maidir le bás fir i dTamhlacht

Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath maidir le bás fir, 20 bliain d'aois
Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath maidir le bás fir, 20 bliain d'aois

Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath maidir le bás fir. Sádh an fear, 20 bliain d'aois, i dteach in Eastát Tithíochta Dhroim Cairn i dTamhlacht. Tugadh é go dtí Ospidéal na hOllscoile, Tamhlacht, áit a ndeimhníodh go raibh sé básaithe. Gabhadh fear, 35 bliain d’aois, agus tá sé faoi choinneáil ag stáisiún de chuid na nGardaí, áit gur féidir é a choimeád agus a cheistiú go ceann ceithre huaire is fiche.

Tá láthair na heachtra caomhnaithe ag na Gardaí agus scrúdaithe teicniúla á ndéanamh air. Tá an paiteolaí stáit le scrúdú iarbháis a dhéanamh ar an gcorp.

Tá na Gardaí ag fiosrú cén fáth ar maraíodh an fear. Tá an chuma ar an scéal gur briseadh isteach i veain ar láthair an ionsaithe.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas aige faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo ag stáisiún na ngardaí i dTamhlacht (thuas) ag aon stáisiún nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas aige faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo ag stáisiún na ngardaí i dTamhlacht, ag aon stáisiún nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111. Tá siad ag iarraidh ar aon duine a bhfuil ábhar daischeamara acu de cheantar Eastát Dhroim Cairn idir 3am agus 4am teagmháil a dhéanamh leo.