Tá garda faighte ciontach in ionsaí gnéis a dhéanamh ar bhean i stáisiún de chuid an Gharda Síochána i gContae Chill Mhantáin. Fuarthas ciontach é freisin i bpríosúnú neamhdhleathach a dhéanamh uirthi.
Phléadáil an Garda William Ryan, 38, neamhchiontach i dtrí chúis a bhain le hionsaithe gnéis agus i gcúis amháin maidir le príosúnú neamhdhleathach a dhéanamh ar an mbean sa stáisiún in Eachroim Meán Fómhair 2020.
Thug an bhean fianaise le linn na trialach go raibh uafás agus eagla uirthi le linn an ionsaithe agus go raibh sí trína chéile.
Thug sí fianaise go ndeachaigh sí isteach go dtí an stáisiún mar gur theastaigh uaithi comhairle na nGardaí a fháil maidir lena gluaisteán, a ghabh na Gardaí, a tháinig ar a mac á thiomáint. Bhí sí ag iarraidh eolas a fháil faoin tslí go bhféadfadh sí an gluaisteán a fháil ar ais uathu.
Dúirt sí gur chuidigh an Garda Ryan léi. Ach gur ina dhiaidh sin, gur thosaigh sé ag rá rudaí faoina corp, agus gur bhuail sé sa tóin í nuair a sheas sí suas le himeacht ón stáisiún.
Thug sí fianaise go ndúirt an garda léi go raibh gar déanta aige di, agus gur mar sin, go raibh sé in am dó aisíocaíocht a fháil uaithi.
"Bhíos i mo stangaire", a dúirt sí ina fianaise sa gcúirt. "Níor thuig mé céard a bhí romham agus bhí eagla an domhain orm."
Cheap sí go scaoilfí saor í dá ndéanfadh sí iarracht é a cheansú. Thaispeán sí grianghraf di féin ina héadaí snámha don Gharda chun é a shásamh, ach ansin, rinne sé dhá ionsaí gnéis eile uirthi.
Níos déanaí an oíche sin, d'inis sí an scéal dá fear céile. "Is garda é", a dúirt sí leis, "is féidir leo siúd a rogha rud a dhéanamh."
Thug an Garda Ryan fianaise gur thaispeáin an bhean pictiúirí dó a bhí "gáirsiúil", dar leisean. Agus go ndúirt sí rudaí leis go raibh claontagairtí ghnéis iontu.
Dúirt sé go ndeachaigh an bheirt acu suas an staighre, áit go raibh teagmháil ghnéasach comhthoiliúil eatarthu.
Fuarthas an Garda Ryan ciontach inniu. Gearrfar píonós air i mí Dheireadh Fómhair.