Tá fear, 51 bliain d'aois, a cúisíodh i ndúnmharú a mhná céile, faighte ciontach d’aon ghuth sa Phríomhchúirt Choiriúil.
Ciontaíodh James Kilroy – gur mhaor páirce é – i ndúnmharú Valerie French Kilroy, 41, ina dteach cónaithe i gCill Bhrí Íochtair i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo idir 13 agus 14 Meitheamh 2019.
Seo é an tríú huair a bhí James Kilroy ar a thriail maidir leis an dúnmharú seo; chlis ar dhá thriail eile mar gheall ar dheacrachtaí dlithiúla.
Bhí sé admhaithe ag James Kilroy as Cathair na Mart gur mharaigh sé Valerie French Kilroy, ach bhí sé ag pléadáil neamhchiontach mar gheall ar go raibh sé as a mheabhair ag an am, a mhaígh sé.
Dúirt an t-ionchúiseamh go gcaithfeadh an giúiré cinnneadh a dhéanamh arbh amhlaidh go raibh a fhios aige ag an am, nó nach raibh a fhios aige, go raibh an rud a bhí á dhéanamh aige mícheart.
Dúradh leis an ngiúiré nach n-áirítear meisce mar neamhord meabhrach agus gur pointe tábhachtach é sin sa chás seo.
Ghabh teaghlach Valerie French Kilroy buíochas leis an ngiúire nuair a fógraíodh an breithiúnas inniu.
Ar an 14 Meitheamh 2019, tháinig na Gardaí ar James Kilroy nocht agus ar mearbhall i ngort i gceantar Chathair na Mart.
Tar éis dóibh é a thabhairt chun an ospidéil, dúirt sé leo go raibh a bhean agus a dtriúr leanaí maraithe aige.
Nuair a chuaigh na Gardaí chuig teach na lánúine, bhí na leanaí ina mbeatha ach fuarthas corp a máthar Valerie French Kilroy i veain campála taobh amuigh den teach.
Dearbhaíodh ina dhiaidh sin gur tachtadh í le ceangal, gur buaileadh sa choigeann í agus gur sádh sa mhuineál í.
Agus é á cheistiú ag na Gardaí, dúirt James Kilroy gur mí-úsáideoir drugaí a bhí ann.
Tabharfaidh gaolta le Valerie French Kilroy a ráiteas tionchair íospartaigh Dé Luain seo chugainn, tráth a ghearrfar príosún saoil ar James Kilroy. Is é príosún saoil an téarma éigeantach atá i gceist le ciontú dúnmharaithe.