Tá Iar-Uachtarán na Stát Aontaithe, Barack Obama agus a bhean chéile Michelle i ndiaidh a dtacaíocht a léiriú do Kamala Harris mar iarrthóir de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh sa toghchán uachtaránachta mí na Samhna.
I nglaoch fóin idir an triúr acu, dúirt an tUasal Obama gur "údar mórtais" dó féin agus dá bhean chéile é seasamh léi agus gheall siad go ndéanfaidís oiread agus is féidir chun a chinntiú go mbainfidh sí an Teach Bán amach.
"Táim an-bhródúil asat", a dúirt Michelle Obama léi. "Cor stairiúil a bheas ann."
Ghabh Kamala Harris buíochas leo as a dtacaíocht agus as a gcairdeas thar na blianta.
"Is mór dom é bhur dtacaíocht", a dúirt sí. "Beidh an-spraoi ann freisin."
Tá feachtas Kamala Harris ag bailiú nirt i measc an lucht tacaíochta agus i measc dontóirí agus polaiteoirí ó d'fhógair an tUachtarán Joe Biden go seasfaidh sé ar leataobh sa rás uachtaránachta, i ndiaidh d’imní a bheith léirithe go forleathana maidir lena aois agus maidir lena chumas leanúint ar aghaidh mar uachtarán go ceann ceithre bliana eile. Rinne sé cinneadh éirí as i ndiaidh dó na pobalbhreitheanna is déanaí a chíoradh.
Bhí Barack Obama ar an gcéad uachtarán gorm riamh a toghadh i Stáit Aontaithe Mheirceá. Tá sé ar dhuine de na baill den Pháirtí Daonlathach is mó go bhfuil gean air go fóill, fiú agus deich mbliana imithe tharainn ó toghadh é den uair dheireanach.
Tá súil go nglacfaidh Barack agus Michelle Obama páirt i bhfeachtas toghchánaíochta Kamala Harris chomh luath is a bheith sí deimhnithe mar iarrthóir de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh.