skip to main content

Cúigear fear agus déagóir anois ciontaithe i marú Thomas Dooley i reilig i dTrá Lí i 2022

42 a bhí Thomas Dooley a raibh seachtar clainne aige.
42 a bhí Thomas Dooley a raibh seachtar clainne aige.

Tá an duine deireanach den seisear a bhí cúisithe le marú Thomas Dooley i reilig i gCiarraí arú anuraidh ciontaithe i ndúnmharú tráthnóna.

42 a bhí Thomas Dooley a raibh seachtar clainne aige.

Tá cúigear fear agus déagóir amháin ciontaithe cheana fhéin ina dhúnmharú.

Ciontaíodh duine acu sin freisin in ionsaí a dhéanamh ar bhean chéile Thomas Dooley, Siobhán.

Thomas agus Siobhán Dooley

Inniu a chiontaigh giúiré – ar chomhaireamh 11-1 tar éis uair a chloig a chaitheamh i mbun machnaimh – Daniel Dooley (42) as an gCarraigín, Páirc Uí Chonghaile, Trá Lí, Co Chiarraí, col ceathrar leis an bhfear a maraíodh.

Daniel Dooley ag fágáil Theach na Cúirte, mí an Aibreáin

Bhásaigh Thomas Dooley de bharr a ionsaithe le uirlísí troda a raibh lann orthu agus é féin agus a bhean ar shochraid i Reilig na Rátha i dTrá Lí an 5ú mí Dheireadh Fómhair 2022.

Gortaíodh Siobhán Dooley go dona agus b'éigean 45 greim agus 30 stápla máinliachta a chur san gcréacht a d’fhulaing sí.

Le 7 seachtainí anuas tá cúigear fear agus déagóir (nach féidir a ainm a fhoilsiú de bharr a óige) tar éis a bheith ar a dtriail faoin ionsaí agus marú.

Sin iad:

Patrick Dooley (36), deartháir le Thomas, as Garrán na Caithne, Cill Airne.

Thomas Dooley Snr (43), cliamhain le Thomas, agus Thomas Dooley Jnr (21), a mhac seisean, as Uimhir a 10, Láithreán Stad Bhóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh.

Michael Dooley (29), col ceathrar leis, as Uimhir a 11, Láithreán Stad Bhóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh.

Daniel Dooley (42), col ceathrar eile leis, as an gCarraigín, Páirc Uí Chonghaile, Trá Lí, Co Chiarraí.

Gearrfar pionós ar an gcúigear fear Dé Máirt seo chugainn.

Tá cás an déagóra curtha siar go mí Dheireadh Fómhair.