Táthar ag cuardach an athuair don bhuachaill beag atá ar iarraidh le 2 lá anois ag Aillte an Mhothair i gCo an Chláir.
Dé Máirt, tar éis lóin a bheith acu, a chuaigh an gasúr ar iarraidh ar a mhuintir atá ar saoire i nÉirinn ón iasacht.
Tosaíodh ag cuardach chomh luath is a cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ach b'éigean éirí as tráthnóna inné de bharr na drochaimsire agus na maidhmeannaí ag bun aille.
Cuireadh moill arís ar lucht an chuardaithe ar maidin, ach tá an lá tar éis glanadh ó shin a deir Ceannasaí Oibríochta an Gharda Cósta Kevin Whitney.
Taca an ama seo (thart ar a 2 a chlog tráthnóna) tá sé ina lagtrá sa gceantar, rud atá ag cuidiú leis an gcuardach sa gcladach.
Tá báid tarrthála agus dróin ar dualgas ann a deir Kevin Whitney, agus tá meitheal ag cíoradh barr na haille.
Ar muir tá bogearraí ag an nGarda Cósta le sruth na taoide a shamhaltú.
"Cuardach i limistéar contúirteach atá i gceist" a deir Kevin Whitney.
Tá an Garda Cósta i nDúlainn ar dualgas ag an láthair agus tá 5 dhrón á bhfeidhmiú ag lucht deonach ón gCosaint Shibhialta.
Tá an Garda Cósta i gCasla i gConamara iad féin amuigh ag cuardach ar an taobh ó thuaidh de Chuan na Gaillimhe agus tá Garda Cósta Inis Oírr, siar ó na hAillte, freisin ag tóraíocht.