Tá 17 bliain príosúin gearrtha inniu ar thiománaí tacsaí a thug faoi mhná gan chosaint a bhí ag iarraidh a ghabháil abhaile agus a d'éignigh beirt bhan a bhí ina bpaisinéirí sa gcarr aige ar 2 oíche éagsúla arú anuraidh.
Gearradh 13 bliain príosúin ag tús na seachtaine ar Raymond Shorten (50) as Corrán Mhaolrosa i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath as cailín beag 7 mbliana d’aois a éigniú faoi dhó agus as ionsaí mígheanasach a dhéanamh uirthi 12 bliain ó shin.
Rialaigh an Breitheamh Paul McDermott inniu gur as a chéile a bheidh air an dá thréimhse príosúin a chur isteach, sin 30 bliain sa n-iomlán.
Dúirt an Breitheamh McDermott gur bhain an cás le foréigean in aghaidh na mban agus gur léirigh sé na céimeanna a bhíonn ar mhná a thógáil, dá ndeoin féin nó mar go bhfuil iallach orthu a leithéid a dhéanamh, le súil an chontúirt ina n-aghaidh a mhaolú, agus gan uathu ach a ghabháil amach agus sult a bhaint as an saol.
Dúirt an Breitheamh go gcurtar comhairle ar mhná gan a ghabháil ar an mbus ná gan siúl abhaile, cé go mba chóir a dúirt sé go mbeadh siad in ann é sin a dhéanamh.
Íoc as tacsaí an t-aon rogha a thugtar dóibh a dúirt an Breitheamh McDermott, léiriú ar an misneach atá ag an bpobal i gcoiteann a dúirt sé sa tseirbhís tacsaí.
Sin é an t-údar a dúirt sé go raibh an cás ar leith seo tar éis a ghabháil i bhfeidhm chomh mór ar dhaoine.
Bhí na cúisimh séanta ag Raymond Shorten ach chiontaigh giúiréithe é i gcásanna éagsúla cúirte ó thús na bliana.
2012 d’éignigh Raymond Shorten an cailín beag i dteach a seanmháthar an lá céanna le sochraide mháthair an pháiste. D’éignigh sé ina dhiaidh sin freisin í chomh maith len í a ionsaí go mígheanasach.
Ghearr an Breitheamh Kerida Naidoo 13 bliain air ar na coirenna sin.
Tiománaí tacsaí a bhí ann faoin am gur éignigh sé an bheirt bhan óga, 2 oíche ar leith i 2022.
Bhí an bheirt ag iarraidh a mbealach a dhéanamh abhaile agus bhíodar i mbaol a dúirt an Breitheamh McDermott tar éis dóibh a bheith ag ól.
Chuaigh Shorten sa tóir orthu agus b’éasca greim a fháil orthu dúradh de bharr a n-éagumais.
Chiontaigh an giúiré d’aon ghuth é.
Dúradh sa gcúirt go bhfuil seachtar clainne ag Raymond Shorten.
Oibrí monarchan agus ansin fear bainne a bhí ann sula bhfuair sé an tacsaí.
Thug a abhcóide Lorcan Staines le fios go bhfuil deireadh lena phósadh agus leis an gcaidreamh a bhíodh aige lena mhuintir agus lena chlann de bharr a chiontaithe.