skip to main content

Kevin Bakhurst ag séanadh cáineadh Virgin go bhfuil "duais bronnta ar RTÉ ar easnamh agus droch-chleachtais"

Feabhas mór geallta ag saoiste RTÉ leis an maoiniú sa mbreis ón Rialtas.
Feabhas mór geallta ag saoiste RTÉ leis an maoiniú sa mbreis ón Rialtas.

Ní "duais atá faighte againn tar éis do RTÉ botún i ndiaidh botúin a dhéanamh" a deir Ardstiúrthóir an chraoltóra faoin maoiniú €725 milliún a d’fhógair an Rialtas inné don stáisiún as seo go deireadh 2027.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland dúirt Kevin Bakhurst go raibh 13 mí an-chrua caite ag an eagraíocht agus ag na daoine a bhí bainteach leis an méid a tharla, agus dúirt sé go bhfuil "struchtúir curtha i bhfeidhm anois a chinnteoidh nach dtarlóidh sé arís."

"Tá freagra tugtha againn ar thuarascálacha saineolaithe a bhí ordaithe ag an Rialtas ag léiriú dóibh conas a bheidh an eagraíocht seo níos trédhearcaí agus níos freagraí, agus le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís."

"Is fíor le fada" a dúirt an ceannasaí nach leor an maoiniú a bhíodh RTÉ a fháil leis an dualgas seirbhís phoiblí atá ar an gcraoltóir a chomhlíonadh.

Faoi phlean an Rialtais a d’fhógair Aire na Meán Catherine Martin inné gheobhaidh RTÉ €225m an bhliain seo chugainn, €240m i 2026 agus €260m i 2027 i dteannta an teacht isteach tráchtála.

Tiocfaidh an maoiniú poiblí a fógraíodh ón gceadúnas teilifíse – a fhanfaidh ag €160 sa mbliain – agus díreach ón Státchiste.

Shéan an tArdstiúrthóir an méid atá ráite ag Virgin Media go bhfuil "duais bronnta ar RTÉ ar easnamh agus droch-chleachtais".

"Tá an t-airgead ceadaithe ag an Rialtas ar an mbonn go bhfuil muid tar éis a ghabháil i ngleic le droch-chleachtais a bhí ann, agus ar an mbonn go bhfuil straitéis anois againn nach féidir a cheistiú ó thaobh loighce agus ó thaobh craoltóireacht phoiblí nua-aimseartha a shásóidh lucht féachana agus éisteachta."

Dúirt an ceannasaí freisin gur lú airgid a bheidh i gceist le aslonnú ó sheanfhoirgnimh ar an suíomh atá ag RTÉ i nDomhnach Broc ná an méid a chosnódh sé na foirgnimh sin a athchóiriú agus a uasghrádú.

Caithfear sciar suntasach den airgead nua atá geallta ag an Stát ar an obair sin a dúirt sé as seo go ceann 5 bhliana.

Mar atá ráite acu go poiblí cheana a dúirt sé "cosnóidh sé tuairim is €150 milliún aistriú chuig foirgneamh nua leis an mbonneagar ceart digiteach, agus chosnódh sé €300 milliún fanacht sna seanfhoirgnimh, suim airgid a bheadh chomh mór nach mbeadh sé iarrtha go deo againn."

Dheimhnigh Kevin Bakhurst go bhfuil €21 milliún curtha go leataobh acu "le n-íoc as conarthaí bréige féinfhostaíochta."

Gheall sé freisin go gcaithfí go leor airgid ar ábhar do lucht féachana agus lucht éisteachta, ar gach cineál ardán.