Tá moill á chur ag an drochaimsir ar an gcuardach do bhuachaill beag atá ar iarraidh ó arú inné in aice le Aillte an Mhothair i gCo an Chláir.
B'éigean éirí as an tóraíocht trathnóna inné de bharr na farraige cáite.
Dé Máirt a chuaigh an gasúr ar iarraidh.
Tá sé féin agus a mhuintir tagtha ón iasacht ar saoire i nÉirinn.
Chuaigh sé ar iarraidh san iarnóin agus cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála.
Tá Ionad Comhordú an Gharda Cósta ar Dhairbhre i gCiarraí ag cuidiú le Aonad an Gharda Cósta i nDúlainn i gCo an Chláir agus tá Ingearán Tarrthála an R-a-115 i mbun cuardaigh chomh maith.
Bhí ar bháid tarrthála an Gharda Cósta an cuardach a chur ar atráth tráthnóna inné leis an mbáisteach, scamall íseal agus ceo trom, fiú agus an oibriú ar muir ag meath.
Táthar le tabhairt faoin gcuardach an athuair chomh luath is a ghlanann an lá.