Tá diomá agus fearg ar ionadaithe iascairí na tíre nach bhfuil aon bhallraíocht ag Éirinn a thuilleadh ar Choiste Iascaireachta Pharlaimint na hEorpa.
Bhí an chéad chruinnú ag an gCoiste nua-cheaptha an tseachtain seo tar éis toghchán an Mheithimh agus níl aon Fheisire Eorpach de chuid na tíre seo ar an gCoiste, an chéad uair le 30 bliain.
Tá cúlú ollmhór tarlaithe san earnáil le blianta beaga anuas agus báid phléisiúir agus soithigh caitheamh aimsire sna cuanta agus cois céibhe anois san áit a mbíodh lucht na ceirde.
Ó thús na seachtaine tá an Coiste Iascaireachta, agus coistí uile na Parlaiminte, tagtha le chéile agus an cur agus cúiteamh agus scagadh ar rialacháin agus ar dhlíthe an Aontais tosaithe an athuair.
Ach an geábh seo, agus 27 ball ar an gCoiste, níl cearta votála ag Éirinn mar nach bhfuil aon fheisire lán-aimsertha againn air.
Deir ionadaithe iascairí gur bocht an scéal é nach mbeidh cumhacht vótála ná fiú guth láidir ag an mbord ag an tír seo ar an gCoiste nua.
I ráiteas deir Roinn na Mara le Seomra na Nuachta nach bhful aon bhaint acusan le feisirí a cheapadh ar an gCoiste.
Faoin bParlaimint é sin a deir an Roinn agus deir siad gur faoi na feisirí iad fhéin iarratas a dhéanamh le bheith ar an gCoiste.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.