skip to main content

Cuardach inné agus inniu ar atráth de bharr na drochaimsire

Ar saoire ón iasacht a bhí an gasúr agus a mhuintir.
Ar saoire ón iasacht a bhí an gasúr agus a mhuintir.

Tá cuardach curtha ar athló tráthnóna do bhuachaill beag atá ar iarraidh i limistéar Aillte an Mhothair i gCo an Chláir.

Inné a chuaigh an gasúirín ar strae óna mhuintir agus tosaíodh ag cuardach tráthnóna inné nuair a cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála.

Tagtha ón iasacht le ghabháil ar saoire i nÉirinn a bhí an teaghlach.

Tuairiscítear go bhfaca criú Ingearán Tarrthála an R-a-115 ón nGarda Cósta sa tSionainn corp sa bhfarraige gar d'íochtar na n-aillte deireanach inné.

Níorbh fhéidir a ghabháil chomh fada leis an áit ag an am leis na maidhmeanna ar muir agus ag bualadh faoin gcladach agus cuireadh an cuardach ar atráth go dtí ar maidin.

Rinne Aonad Uisce na nGardaí dian-chuardach sa gcladach inniu, le cuidiú meitheal deonach ón nGarda Cósta agus le cuidiú an R-a-115 os a gcionn ach níor fritheadh ná níor facthas aon chorp.

Tá drochaimsir arís sa gceantar tráthnóna, báisteach agus ceo trom, agus tá an cuardach curtha ar athló an athuair.