skip to main content

Lorg 8,100 duine cabhair anuraidh de bharr an óil – 10% d'ardú ón mbliain 2022.

Léiríonn an taighde go raibh mná ag ól ar an meán níos mó ná 2 bhuidéal fíona i ngnáthsheisiún óil agus fir ag ól ar an meán 9 bpionta beorach nó leathlíotar biotáille.
Léiríonn an taighde go raibh mná ag ól ar an meán níos mó ná 2 bhuidéal fíona i ngnáthsheisiún óil agus fir ag ól ar an meán 9 bpionta beorach nó leathlíotar biotáille.

Fuair níos mó daoine comhairle phroifisiúnta anuraidh de bharr fadhb a bheith acu leis an ól ná mar a fuair le breis is 10 mbliana.

Deir an Bord Taighde Sláinte i dtuarascáil nua gur lorg breis is 8,100 duine cabhair anuraidh mar gheall ar fhadbhanna de bharr alcóil – 10% d'ardú ón mbliain 2022.

Tá imní léirithe ag comhairleoirí andúile chomh maith – an comhairleoir Nicole Ní Riain ina measc – faoin méadú atá tagtha ar úsáid ildrugaí.

Deir an Bord go mbaineann "líon suntasach de na cásanna anois le othair a bhaineann mí-úsáid as alcól agus as druga eile."

I 2023 bhain a leithéid leis an gceathrú cuid de na cásanna.

Cócaon go fóill an druga is mó a bhfuil fadhb ag daoine leis i dteannta an óil – 1,310 cás i 2023 le hais 607 i 2022.

Ach ábhár misnigh sa tuarascáil gur tháinig laghdú ar líon na ndaoine a lorg comhairle faoi spleáchas a bheith acu ar alcól ó 72% i 2017 go 61% anuraidh.

Tuairiscítear go raibh mná ag ól ar an meán níos mó ná 2 bhuidéal fíona i ngnáthsheisiún óil agus fir ag ól ar an meán 9 bpionta beorach nó leathlíotar biotáille – sin níos mó ná an t-uasmhéid atá molta in aghaidh na seachtaine d’fhir agus do mhná.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Máire Ní Bhraonáin ar Nuacht TG4 ag 1900.