Tá cnuasach tábhachtach béaloidis ina bhfuil ábhar ón dream deiridh a raibh Gaeilge acu sna Cruacha Dubha i gCiarraí curtha faoi bhráid an phobail.
Tadhg Ó Murchú a bhí ina bhailitheoir lánaimseartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann a bhailigh an t-ábhar sna 1930í agus 1940í.
San áireamh tá cuntas fíor-luachmhar ó bhean aosta a bhí ina beatha le linn uafás an Ghorta Mhóir.
'Na Cruacha Dubha agus Paróiste na Tuaithe: Seanchas agus Scéalaithe' teideal an leabhair atá curtha in eagar ag Éamon Ó Céileachair.
Tá ábhar a bailíodh ó scór faisnéiseoir san saothar, idir mhná agus fhearaibh.
Tá idir sheanchas, scéalta fiannaíochta, síscéalta, rainn agus amhráin cruinnithe sa gcnuasach.
Idir 1936 agus 1943 chaith Tadhg Ó Murchú tréimhsí éagsúla sa gceantar ag bailiú seanchais agus scéalta i ngleannta scoite amach na gCruacha Dubha.
Ní raibh aige mar áis taistil ach a rothar agus an t-eideafón trom á iompar aige.
D’éirigh leis an mbailitheoir cuid de na cainteoirí dúchais deiridh sna bólaí sin a bhaint amach.
Ina measc bhí Síle Bean Uí Shíocháin, scéalaí a raibh an céad caite aici nuair a bhuail Tadhg Ó Murchú léi agus í amuigh sa bpáirc ag iompú féir.
Bhailigh Tadhg ábhar go leor ón scéalaí cumasach Eoghan na Carraige Ó Súilleabháin as Cill Chuallachta.
Ar cheann de na cuntais is luachmhaire ar fad tá cuimhní cinn Mháire an Chairn Uí Shíocháin a bhí 102 nuar a chas Tadhg Ó Murchú léi.
7 mbliana d’aois a bhí Máire nuair a thosaigh tubaiste an Ghorta Mhóir.
Maireann an taifead fuaime a rinne an bailitheoir léi ina gcuireann sí síos ar uafás an drochshaoil i nGleann Chárthaigh.
Dúirt Máire go bhfaca sí féin beirt a bhí caillte leis an ocras.
Dúirt sí go mb’éigean do dhaoine glanadh na bó a bheiriú agus a ithe le theacht slán ón mbás.
Deir an béaloideasóir an Dr Ríonach Uí Ógáin a sheol an leabhar gur taifead fíor-speisialta atá ann mar gur fíor-annamh a fhaightear cuntas finné ó dhaoine a mhair aimsir an Ghorta Mhóir, agus gur luachmhaire fós an taifead fuaime a mhaireann de dhuine ag labhairt ina dteanga dúchais faoin tréimhse sin.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Seán Mac an tSíthigh ar Nuacht TG4 ag 1900.