skip to main content

Cúigear fear sa gCúirt faoin gcíréib a tarraingíodh agus an creachadh a déanadh san ardchathair mí na Samhna

Gardaí círéibe ar dualgas sa bpríomhchathair an 23ú Samhain 2023.
Gardaí círéibe ar dualgas sa bpríomhchathair an 23ú Samhain 2023.

Tá cúigear fear tar éis a bheith os comhair cúirte faoin gcíréib a tarraingíodh agus an creachadh a déanadh san ardchathair mí na Samhna seo caite.

I measc na gcúiseamh a cuireadh ina leith sa gCúirt Dúiche tráthnóna tá goid as siopaí, mí-ord foréigneach, damáiste coiriúil a dhéanamh de bhus agus cúiseamh faoi dhrugaí agus maoin ghoidte a bheith ina seilbh.

Cuireadh fear amháin siar faoi choinneáil, scaoileadh triúr amach ar bannaí go mí Dheireadh Fómhair agus tá an cúigiú duine le iarratas a dhéanamh ar bhannaí níos deireanaí.

Tá 6 chúiseamh curtha in aghaidh Thomas Fox (21) a bhfuil cónaí air i mbrú Kinlay House Hostel i mBaile Átha Cliath.

Curtar ina leith gur ghoid sé earraí as Footlocker, go raibh mí-ord foréigneach ar bun aige ar Chéibh an Bhúrcaigh, go ndearna sé damáiste coiriúil do bhus de chuid Bus Átha Cliath ar Dhroichead Uí Chonaill – cúisimh go léir a bhaineann leis an 23ú Samhain 2023.

Tá sé cúisithe freisin i gcannabas agus cócaon a bheith ina sheilbh inné agus rún aige iad a dhíol nó a sholáthar.

Tá sé chun bannaí a iarrtha ar an gCúirt amach sa lá.

5 chúiseamh atá curtha i leith Corey Gaynor (23) as Bóthar Mhaighréad Ní Chinnéide san ardchathair.

Curtar in aghaidh seisean go raibh sé ag goid as Arnotts ar Shráid Anraí, agus as an siopa Spar agus an Guud Day Café, ar Shráid Uí Chonaill.

Tá sé curtha ina leith freisin gur tharraing sé círéib agus go raibh maoin a bhí goidte ina sheilbh.

Chuir na Gardaí in aghaidh bannaí a bhronnadh air, níor iarr sé bannaí, agus cuireadh siar faoi choinneáil é.

Tá sé curtha i leith Gavin Hudson (27) as Plás Chnoc an tSamhraidh gur ghoid sé earraí as Footlocker agus as Lifestyle Sports ar Shráid Mhuire, agus go raibh maoin ghoidte ina sheilbh – cadhnra rothar leictreach, mála droma, citeal, cluasáin, agus meascán cosmaidí agus uachtair.

Dúradh leis an gCúirt go raibh sé an-tinn go deo agus nach raibh a chuid cógais tógtha aige le 2 lá.

Bhíodh sé i mbun cúraim dá dheartháir gur cailleadh eisean le gairid a dúradh, agus tá sé anois gan pingin, gan faic dá chuid féin.

Dúirt an Breitheamh Monika Leech go raibh cóir leighis uaidh agus bhronn sí bannaí air ar an gcoinníoll go bhfanfadh sé glan ar Shráid Anraí agus ar Shráid Mhuire agus go síneodh sé a ainm i mbeairic Gardaí go laethúil.

Cuireadh goid as Footlocker ar Shráid Uí Chonaill i leith Gavin Murphy (44) as Halla Oiriall agus ceadaíodh bannaí dó ar an gcoinníol go síneodh sé a ainm 3 huaire sa tseachtain i mbeairic Shráid an Stórais agus go bhfanfadh sé glan ar Shráid Uí Chonaill.

Cuireadh i leith Jamie Robinson (24) atá ina chónaí lena sheanmháthair ar Ascaill an Mhuilinn Ghaoithe i gCromghlinn go raibh sé ag goid as siopa Gala ar Shráid na Mainistreach Íochtarach, agus go raibh 8 mbosca toitíní agus hudaí agus stocaí Puma ina sheilbh.

Bronnadh bannaí air agus cead aige a ghabháil ar cuairt ar a pháirtí agus a bpáistín 3 mhí d'aois istigh i lár na cathrach.

D'ordaigh an Breitheamh Leech cuirfiú air idir a 11 san oíche agus an 6 ar maidin agus d’ordaigh sí go mbeadh sé féin agus Gavin Murphy os comhair na Cúirte arís mí Dheireadh Fómhair.