skip to main content

200 gníomhaí Giúdach in aghaidh chogaíocht Iosrael i nGaza gafa ag léirisíú i bParlaimint Mheiriceá

Agóidí go leor beartaithe agus Benjamin Netanyahu ar a bhealach go Washington.
Agóidí go leor beartaithe agus Benjamin Netanyahu ar a bhealach go Washington.

Tá póilíní i bParlaimint Mheiriceá, Comhdháil na Stát Aontaithe, tar éis lucht agóide Giúdacha a ghabháil agus iad ag léirisú i bhfoirgneamh de chuid na Comhdhála aréir, an lá sula mbeidh Príomhaire Iosrael i mbun aithisc.

Bhí lucht na hagóide – ón ngrúpa Jewish Voice for Peace – ag caitheamh léinte dearga ar a raibh na manaí "not in our name" agus "Jews say stop arming Israel" agus bratacha crochta acu ar a raibh "ceasefire now" agus "let Gaza live".

Tá tuilleadh agóidí ar na bacáin agus Benjamin Netanyahu le labhairt os comhair Congress agus le casadh leis an Uachtarán Joe Biden, leis an LeasUachtarán Kamala Harris agus le iarrthóir na bPoblachtánach sa toghchán mí na Samhna Donald Trump.

"Le 9 mí anuas tá uafáis gan áireamh feicthe againn i nGaza, gníomhartha déanta in ainm na nGiúdach agus maoinithe ag an Rialtas atá againn" a deir Jewish Voice for Peace.

Bhí 400 páirteach a deir siad san agóid agus gabhadh 250 acu.

Tuairim is 200 a gabhadh istigh san Cannon Rotunda a deir na póilíní, "ar chúiseamh gur sárú ar an dlí é a ghabháil i mbun léirsithe i bhfoirgnimh de chuid na Comhdhála."

Sular fhág sé Iosrael ar maidin ar a bhealach go Meiriceá dúirt Benjamin Netanyahu go bhfuil súil aige "an tacaíocht dépháirteach atá chomh tábhachtach d'Iosrael a dhaingniú."

"Inseoidh mé do mo chuid cairde ar an dá thaobh – lucht an Rialtais agus lucht an Fhreasúra – gur cuma cén tUachtarán a roghnóidh pobal Mheiriceá, is í Iosrael cara mór agus cara riachtanach Mheiriceá san MeánOirthear."

Anocht a thabharfaidh Netanyahu óráid sula gcasfaidh sé leis an Uachtarán, agus ansin an LeasUachtarán ag cruinniú eile.

An LeasUachtarán i mbun stocaireachta aréir i Milwaukee

Ní bheidh Kamala Harris sa gComhdháil don aitheasc "de bharr socruithe taistil a bhí déanta roimh réidh."

Dé hAoine, i Florida, a chasfaidh sé le Donald Trump.

Is lú go mór an chorraíl a deirtear a bhí san gcaidreamh a bhí ag Netanyahu leis an Teach Bán faoi réimeas Trump, le hais mar atá ó tháinig na Daonlathaigh i gcumhacht arís.

Faoin am a mbeidh an óráid tugtha aige do Thithe na Parlaiminte anocht, beidh sé tar éis labhairt os a gcomhair 4 huaire, an líon is mó riamh ag ceannaire ón iasacht, níos mó fiú ná Winston Churchill.