Tá Aire na Meán Catherine Martin tar éis plean luach €725 milliún de mhaoiniú thar 3 bliana a fhógairt do RTÉ.
Fágfar an ceadúnas teilifíse mar atá - €160 sa mbliain - ach cuirfidh an Státchiste leis an méid a bhaileofar.
Ag preasócáid ar ball dúirt an tAire Martin go bhfuil tascfhórsa bunaithe le bailiú an cheadúnais a chinntiú agus go mbeidh moltaí acu siúd faoi cheann ráithe.
Tá an obair fós ar bun a dúirt an tAire ar reachtaíocht a dhréachtú le bunús reachtúil a chur faoi rialú RTÉ agus leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur i gceannas ar iniúchadh an chraoltóra.
Nuair a ceistíodh an tAire faoi na coinníollacha atá leagtha ar RTÉ faoin airgead poiblí a chaitheamh dúirt sí go bhfuil an maoiniú bunaithe ar chur i bhfeidhm phleananna RTÉ leis an eagras a athstruchtúrú agus a athnuachan.
Beidh €225m d'airgead poiblí i gceist an chéad bhliain eile - €105m ón gceadúnas teilifíse, €78m ó cheadúnais a bhronnann an Rialtas in aisce, agus €42m ón Státchiste.
Dhearbhaigh an tAire Martin go mbeadh RTÉ ag fáil:
€225 i 2025,
€240m i 2026,
€260m i 2027.
Cheana féin inniu tá an Taoiseach tar éis a rá gur "athruithe móra" atá i gceist leis an maoiniú nua do RTÉ agus do na meáin eile sa tseirbhís phoiblí "a thabharfaidh leibhéal cinnteachta don earnáil".
I gcás craoltóirí neamhspleácha beidh €4 mhilliún sa mbreis i gCiste na Meán agus na Craoltóireachta i 2025, ardaithe ó €18.2 milliún i mbliana.
Níl aon athrú ar na táillí a ghearrtar ar cheadúnais teilifíse d'óstáin.
"Beidh deireadh leis an easnamh i maoiniú RTÉ faoin socrú nua 3 bliana" a deir an Tánaiste Micheál Martin.
San áireamh san socrú sin beidh ceadúnais íoctha, ceadúnais in aisce agus airgead poiblí leis an €725 a bhaint amach.
Braithfidh an tsuim a thagann ón Rialtas ar an méid a bheidh cruinnithe ón gceadúnas.
Ach is €255m sa mbliain – €765m i n-imeacht 3 bliana – a dúirt Ardstiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst a bhí ag teastáil ón gcraoltóir, "bunaithe ar na moltaí ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, agus ag cur boilsiú de 2% sa mbliain san áireamh" nuair a bhí sé os comhair Choiste Oireachtais tús na míosa.
Deir Simon Harris go gcinnteofar 2 athrú shuntasacha ag cruinniú an Rialtais inniu, tar éis do cheannairí na bpáirtithe a theacht ar shocrú ag cruinniú aréir.
Ar an gcéad dul síos a deir an Taoiseach ag dul isteach ag cruinniú an Chomh-Rialtais ar ball tá méadú mór ar an maoiniú poiblí agus "tá cinnteacht il-bhliantúil ag RTÉ le tabhairt faoin straitéis atá acu leis an eagraíocht a leasú…cinnteacht a chuirfeadh ríméad ar áisíneachtaí Stáit, ar eagrais sheirbhís phoiblí agus ar Ranna Rialtais fiú."
Dheimhnigh an Taoiseach gurbh iad An Post fós a bheidh freagrach as an gceadúnas teilifíse a bhailiú.
Tá €6 mhilliún thar 3 bliana le bronnadh ar An Post le cur leis an teicneolaíocht a bhaineann le bunachair sonraí a threisiú leis an mbailiúchán a fheabhsú.
Caitheadh i dtraipisí an phlean a bhí ann gurbh iad na Coimisinéirí Ioncaim a bheadh ina bhun, agus olltoghchán ar leac an dorais.
Tá rúnaí Chumann na nIriseoirí i nÉirinn (an NUJ) tar éis a rá go bhfuil díomá air faoin méid atá ar na bacáin.
Deir Séamus Dooley nach bhfuil ar bun ach an cheist a chur ar an méar fhada.
"Luath nó mall caithfear fáil réidh le córas an cheadúnas teilifíse" a deir sé agus tá imní air go bhfuil 3 bliana eile faighte ag An Post "le teicneolaíocht nach bhfuil agus nach mbeidh oiriúnach a uasghrádú."
Tá "cinnteacht ach srian air" san maoiniú il-bhliantúil a deir sé ach "ní léir cén chaoi a líonfar na bearnaí, bearnaí nach féidir a líonadh le iomarcaíocht".
Shéan ceannasaí an NUJ go mbeadh polaiteoirí ag cur a ladar in RTÉ dá mbeadh an maoiniú iomlán ag teacht díreach ón Stát.
"Tá siad ag cur a ladar cheana féin ann. Easpa gnímh polaiteoirí le blianta fada atá tar éis muid a fhágáil san áit a bhfuil muid".