skip to main content

Bhí ceathrar os comhair cúirte inniu maidir le creachadh ar ghnónna le linn na gcíréibeacha i mBÁC

Bhí ceathrar - triúr fear agus bean amháin - os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath inniu maidir le creachadh ar ghnónna le linn na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath mí na Samhna seo caite.

Tá sé curtha ina leith gur ghoid siad earraí ón siopa Footlocker ar Shráid Uí Chonaill.

Bhí William Cawley, atá 51 bliain d'aois agus nach bhfuil áit chónaithe bhuan aige, Natasha Rice, atá 38 bliain d’aois agus nach bhfuil áit chónaithe bhuan aici, Josh Tidy, atá 19 bliain d’aois a bhfuil seoladh aige ar Shráid Pim agus Neil Mulvaney, atá 44 bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige ag Brú Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu. Bhí sé curtha ina leith go ndeachaigh siad isteach i Footlocker mar threaspásóirí ar 23 Samhain 2023 agus gur ghoid siad earraí ón siopa.

Thug gardaí fianaise sa gcúirt inniu maidir le gabháil an cheathrair agus a gcúisiú. Tugadh fianaise nár dhúirt aon duine den cheathrar aon ní nuair a cúisíodh iad ag stáisiúin éagsúla de chuid na nGardaí iarnóin inniu.

Scaoileadh saor faoi bhannaí iad, ar choinníollacha éagsúla, mar shampla, go gcaithfidh siad fanacht amach ó Shráid Uí Chonaill agus ó Bhaile Átha Cliath 1 agus go gcaithfidh siad a n-ainmneacha a shíniú ag stáisiún de chuid na ngardaí trí huaire sa tseachain.

Beidh siad os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath arís mí Dheireadh Fómhair.