skip to main content

Fear eile faighte ciontach d'aon ghuth as dúnmharú Thomas Dooley. Cúigear in iomlán atá cúisithe go dtí seo

Tá fear eile faighte ciontach sa bPríomhchúirt Choiriúil i gCorcaigh i ndúnmharú Thomas Dooley, a bhí 42 bliain d'aois agus a raibh seachtar clainne air.
Tá fear eile faighte ciontach sa bPríomhchúirt Choiriúil i gCorcaigh i ndúnmharú Thomas Dooley, a bhí 42 bliain d'aois agus a raibh seachtar clainne air.

Tá fear eile faighte ciontach sa bPríomhchúirt Choiriúil i gCorcaigh i ndúnmharú Thomas Dooley, a bhí 42 bliain d'aois agus a raibh seachtar clainne air. Fuair giúiré Michael Dooley - atá 29 bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige ag Bá 11, An Láithreán Stad, Carraig Ruacháin, Corcaigh – ciontach d’aon ghuth.

Is col ceathrar é Michael Dooley de chuid Thomas Dooley, an fear a maraíodh. Ciontaíodh triúr fear eile cheana féin maidir leis an dúnmharú agus déagóir amháin. Ciontaíodh fear in ionsaí a dhéanamh ar bhean chéile Thomas Dooley, Siobhán, freisin. Chaith an giúire 17 uair i mbun machnaimh agus mhair an triail 33 lá in iomlán.

Bhí sé ina raic sa gcúirt nuair a fógraíodh an breithiúnas agus bhí Michael Dooley ag rá os ard go bhfuil sé neamhchiontach.

"Níor tugadh cothrom na féinne dom", a dúirt sé; "níl dada mícheart déanta agam ach táim á chaitheamh isteach sa phríosún."

Dúirt an Breitheamh Mary Ellen Ring gur chóir do Michael Dooley aon ní atá le rá aige a rá tríd a chuid dlíodóirí.

Michael Dooley á thabhairt isteach sa bPríomhchúirt Choiriúil i gCorcaigh

Tá fear amháin eile fós ar a thriail maidir leis an dúnmharú. Rachaidh an giúire i mbun machnaimh arís Déardaoin maidir le Daniel Dooley, fear 42 bliain d’aois a bhfuil seoladh aige i bPáirc Uí Chonghaile i dTrá Lí.

Dé hAoine, d’fhógair an giúire breithiúnas d’aon ghuth maidir le Patrick Dooely atá 36 bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige ar Gharrán Arbutus, Cill Airne. Is deartháir é leis an bhfear a maraíodh.

Déardaoin seo caite, ciontaíodh beirt fhear eile darb ainm dóibh Thomas Dooley: Thomas Mór Dooley, atá 43 bliain d’aois agus gur deartháir céile é de chuid an Thomas Dooley a dúnmharaíodh, agus a chol ceathrar Thomas Óg Dooley, atá 21 bliain d’aois. Tá seoladh ag an mbeirt Thomas Dooley a ciontaíodh ag Bá 10, an Laithreán Stad, Carraig Ruacháin, Corcaigh

Ciontaíodh déagóir i ndúnmharú Thomas Dooley freisin, ach ní féidir é a ainmniú ar chúiseanna dlíthiúla.

Chomh maith lena chiontú i ndúnmharú, fuarthas Thomas Óg Dooley ciontach freisin in ionsaí a raibh díobháil mar thoradh air a dhéanamh ar Shiobhán Dooley, bean chéile an Thomas Dooley a dúnmharaíodh.

Breithiúnais d’aon ghuth a bhí sna ciontaithe ar fad.