Bhí an t-imreoir iománaíochta de chuid fhoireann Luimnigh os comhair cúirte ar maidin agus cúis amháin maidir le tiomáint chontúirteach curtha ina leith.
Tá Kyle Hayes 26 bliain d'aois agus tá seoladh aige i gCill Díoma, Contae Luimnigh. Tá sé curtha ina leith gur thiomáin sé faoi luas 150 ciliméadar san uair ar 14 Iúil ar Bhóthar an N20 idir Corcaigh agus Luimneach, gar do Mhala, i limistéar ina bhfuil luasteorainn 100 ciliméadar san uair i bhfeidhm.
Gabhadh é agus tugadh é go dtí Stáisiún na nGardaí i Mala, áit ar cúisíodh é faoi Mhír 54 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961. Scaoileadh saor faoi bhannaí é.
Thug an Garda Linda O’Leary fianaise sa gcúirt inniu go bhfuiltear fós ag fanacht ar threoracha ó Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí maidir leis an gcás.
Bhóthar an N20
Dúirt abhcóide Kyle Hayes, Liam Carroll, go mbeadh a chliant sásta pléadáil ciontach as tiomáint neamh-aireach, nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna le tiomáint chontúirteach.
Thug an Breitheamh Colm Roberts le fios, áfach, go mbeadh air na fíricí ar fad a chloisteáil sula mbeadh sé sásta glacadh le pléadáil maidir le tiomáint neamh-aireach. "Bíonn an chleasaíocht seo i gceist go minic", a dúirt sé. "Tá tuairimí láidre agam féin maidir le céard is tiomáint chontúirteach ann. Beidh orm gach ní faoin eachtra a chloisteáil sula mbeidh mé toilteannach an chúis a laghdú."
Cuireadh Hayes siar faoi bhannaí agus beidh sé os comhair na cúirte arís ar 10 Meán Fómhair, tráth a bheidh treoracha curtha ar fáil ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.