skip to main content

Píolótaí Aer Lingus i ndiaidh vótáil ar son moltaí maidir le cúrsaí pá

Vótáil 85% de bhaill IALPA ar son moltaí na Cúirte Oibreachais faoi chúrsaí pá
Vótáil 85% de bhaill IALPA ar son moltaí na Cúirte Oibreachais faoi chúrsaí pá

Tá baill Chumann na bPíolótaí, IALPA, tar éis vótáil i bhfabhar an mholta a rinne an Chúirt Oibreachais, féachaint leis an aighneas idir bainistíocht Aer Lingus agus píolótaí faoi chúrsaí pá a réiteach.

Chaith 96% de na baill vóta agus vótáil 85% acu i bhfábhar an mhargaidh.

Ballóid leictreonach a bhí, ar cuireadh tús leis Déardaoin agus a tháinig chun críche ar maidin.

Mhol an Chúirt Oibreachais go dtabharfaí ardú pá 17.5% do phíolótaí thar thréimhse ceithre bliana.

Mhol IALPA níos luaithe an mhí seo go nglacfadh a chuid ball leis na moltaí de chuid na cúirte.

De réir Mark Tighe, Uachtarán IALPA, nach ionann 17.5% agus an t-ardú pá a bhí uathu mar fhreagra ar an mboilsciú, ach go mbeidh ardú 19.2% ar phá píolótaí faoi cheann dhá bhliain.

"Tá sé seo ar an ardú pá is mó atá bainte amach ag na píolótaí de chuid Aer Lingus le tríocha bliain anuas", a dúirt Mark Tighe inniu.

Bhí Feidhmeannas IALPA ag bualadh lena gcuid ball le seachtain anuas chun eolas a scaipeadh leo faoi na moltaí.

"Tá sé seo ar an ardú pá is mó atá bainte amach ag na píolótaí de chuid Aer Lingus le tríocha bliain anuas", a dúirt Mark Tighe inniu.

"Le linn na hidirbheartaíochta, bhí an bhainistíocht ag iarraidh iallach a chur orainn glacadh le cúraimí sa bhreis chun íocadh as an ardú pá. Ach níor ghéill muid ar an gceist sin. Ní thiocfaidh aon athrú ar chleachtais oibre faoin margadh seo agus ní thiocfaidh go brách.

"Tá brábús á shaothrú ag Aer Lingus. Ba chóir do chomhlachtaí brábúsacha a rathúlacht a roinnt lena gcuid fostaithe. Ba chóir go ndéanfaí muid a chosaint in am seo an ardbhoilsithe. Is cúis díomá é nár thapaigh bainistíocht Aer Lingus an deis comhaontú a bhaint amach linn go díreach le dhá bhliain anuas sula ndeachaigh sé chomh fada leis an gCúirt OIbreachais."

610 eitilt de chuid Aer LIngus a cuireadh ar ceal de bharr an aighnis faoi chúrsaí pá

Cuireadh 610 eitilt ar ceal de bharr ghníomh tionscalaíoch na bpíolótaí agus cuireadh isteach ar líon mór paisinéirí dá bharr.