Tá naonúr gafa ag na Gardaí maidir leis na círéibeacha i lár Chathair Bhaile Átha Cliath mí na Samhna seo caite.
Thug na Gardaí faoi chuardach ar dheich n-áit ar maidin. Gabhadh ochtar fear agus bean amháin lena linn.
Tá siad ar fad faoi choinneáil ag stáisiúin éagsúla de chuid na nGardaí i gCathair Bhaile Átha Cliath.
49 duine in iomlán a gabhadh go dtí seo i dtaca leis na círéibeacha, ina ndearnadh go leor damáiste don chathair agus inar cuireadh busanna, tram Luas agus gluaisteáin trí thine. Rinneadh creachadh ar ghnónna.
Tá cúiseanna curtha i leith daoine áirithe cheana féin agus na cásanna sin os comhair na cúirte faoi láthair.