Tá sé ráite ag Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheirceá, Kamala Harris, gur údar mórtais di é go bhfuil go leor tacaíochta faighte aici i measc thoscairí de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chun go n-ainmneofar í ina hiarrthóir de chuid an pháirtí sin le seasamh sa toghchán uachtaránachta mí na Samhna.
"Táim ag súil go mór le hainmniúchán an pháirtí a ghlacadh go luath", a dúirt sí.
Léirigh Uachtarán Joe Biden a thacaíocht do Kamala Harris Dé Domhnaigh, i ndiaidh dó a fhógairt go n-éireodh sé as an rás, i bhfianaise amhras a bheith léirithe faoina aois agus faoina chumas leanúint ar aghaidh mar uachtarán go ceann ceithre bliana eile. Níl sé i gceist ag Joe Biden éirí as a phost mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheirceá, áfach; leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 20 Eanáir 2025, tráth a thiocfaidh a théarma oifige chun críche.
ach críochnóidh sé a théarma oifige
Léirigh suirbhé de chuid na háisíneachta nuachta Associated Press go bhfuil 2,538 toscaire de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh sásta tacú le Kamala Harris; ní gá di ach 1,976 vóta a bhaint amach chun an t-ainmniúchán a bhuachaint ag Vóta na dToscairí an mhí seo chugainn.
Ach níl aon chinnteacht ann go bhfaighidh sí an t-ainmniúchán; níor léiríodh tacaíocht d'aon iarrthóir eile sa suirbhé de chuid Associated Press agus i gcás 57 duine a d’fhreagair é, ní raibh a n-intinn déanta suas acu go fóill.
Ina céad óráid ó d’fhógair an tUachtarán Biden go raibh sé le seasamh ar leataobh, dúirt Kamala Harris inné go rachadh sí sa tóir ar iarrthóir an Pháirtí Phoblachtánaigh, Donald Trump, mar a bheadh ionchúisitheoir inti. B’shin an ghairm bheatha a bhí aici sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht.
"Bhínnse in adharca go rialta le gach saghas coirpigh; daoine a rinne mí-úsáid ar mhná, caimiléirí, calaoiseoirí", a dúirt sí lá tar éis don Uachtarán Biden a fhógairt go n-éireodh sé as an rás.
Níor thug Joe Biden ach fógra nóiméid do na comhairleoirí is gaire dó sa Teach Bán sular fhógair sé thar an deireadh seachtaine nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh.
Deir foinsí gar don Uachtarán gur chaith sé dhá lá ag cíoradh faisnéise ó phobalbhreitheanna a bhí ag taispeáint go mbeadh sé deacair air bua a fháil in aghaidh Donald Trump mí na Samhnra.
Fógra tobann a bhí ann sa deireadh, ach bhí an brú ar Bhiden ó Dhaonlathaigh shinsearacha ag bailiú nirt i gcaitheamh na seachtaine, agus in ainneoin Biden féin ag cur cosa i dtaca go poiblí, ba léir go raibh an brú sin ag imirt tionchair air.
Tháinig an cinneadh trí seachtaine tar éis na díospóireachta in aghaidh Donald Trump, díospóireacht inar theip ar Biden aon dorn a tharraingt ar a chéile comhraic; rinne sé bothúin cainte ann agus d'fhág sé roinnt mhaith de mhaíomh bréagach Trump ar réimse leathan ábhar gan freagra.