skip to main content

Fiosrúchán dúnmharaithe ar bun i mBéal Feirste maidir le bás fir, a dtángthas ar a chorp i ndeisceart na cathrach ar an Satharn.

Chuaigh Kevin Davidson, a bhí 34 bliain d'aois, ar iarraidh ar 9 Iúil agus fuarthas a chorp thar an deireadh seachtaine
Chuaigh Kevin Davidson, a bhí 34 bliain d'aois, ar iarraidh ar 9 Iúil agus fuarthas a chorp thar an deireadh seachtaine

Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag Seirbhís Phoilíneachta Thuaisceart Éireann, an PSNI, maidir le bás fir, a dtángthas ar a chorp i mBéal Feirste Dé Sathairn.

Fuarthas é i dteach ar Ascaill Donegall i nDeisceart na Cathrach, i ndiaidh dó a bheith ar iarraidh ó bhí 9 Iúil ann.

Gabhadh fear, 32, agus bean, 35, i dtaca leis an mbás ar an Satharn. Tá siad fós faoi choinneáil.

I ráiteas, dheimhnigh an PSNI go bhfuair siad corp fir a bhí 34 d'aois i nDeisceart Bhéal Feirste. Kevin Davidson ab ainm don bhfear, a dúirt siad.

"Cuireadh tuairisc faoi bhráid an PSNI níos luaithe an mhí seo agus d’aimsigh oifigigh a chorp i dteach ar Ascaill Donegall thar an deireadh seachtaine. Déanann muid comhbhrón le muintir agus cairde an Uasail Davidson."