Níor thug Joe Biden ach fógra nóiméid do na comhairleoirí is gaire dó sa Teach Bán sular fhógair sé inné nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh.
Deir foinsí gar don Uachtarán gur chaith sé dhá lá ag cíoradh faisnéise ó phobalbhreitheanna a bhí ag taispeáint go mbeadh sé deacair air bua a fháil in aghaidh Donald Trump mí na Samhnra.
Fógra tobann ach bhí an brú ar Bhiden ó Dhaonlathaigh shinsearacha ag bailiú nirt i gcaitheamh na seachtaine, agus in ainneoin Biden féin ag cur cosa i dtaca go poiblí, ba léir go raibh an brú sin ag imirt tionchair air.
Ar 645 inné a bhailigh sé foireann a fheachtais le chéile, díreach sular fhógair sé go poiblí é, ag a theach in Delaware, áit a bhfuil sé ó tholg sé Covid arís.
Tháinig an cinneadh trí seachtaine tar éis na díospóireachta in aghaidh Donald Trump, díospóireacht inar theip ar Biden aon dorn a tharraingt ar a chéile comhraic; rinne sé bothúin cainte ann agus d'fhág sé roinnt mhaith de mhaíomh bréagach Trump ar réimse leathan ábhar gan freagra.
Rinne sé botúin eile ina dhiaidh sin, ag cur uachtarán na hÚcráine Volodomir Zelensky i láthair ag ócáid de chide NATO mar an 'tUachtarán Putin'.
Ó shin, tá amhras á chaitheamh ar ghéire a intinne agus béim níos mó á chur ar a aois agus ar chumas ceithre bhliana eile a chur de sa Teach Bán, agus ba léir go raibh an Daonlathaigh suaite ag an gceist.
Ina fhógra inné, thug Biden a bheannacht dá Leas-Uachtarán Kamala Harris agus gheall gach tacaíocht di agus dá pháirtí sa troid a bheadh rompu.
Ach fágann imeacht Biden as an iomaíocht roinnt ceisteanna faoin bpróiséas a leanfaidh na Daonlathaigh as seo go dtí Comhdháil Náisiúnta an pháirtí an mhí seo chugainn.
Vótáil 14 milliún Daonlathach sna toghcháin tosaigh agus vótáil a bhformór mór acu ar son Biden, ach anois tá cúrsa an pháirtí go dtí an Comhdháil éiginnte. Níor tharla sé riamh cheana, i gceachtar de na mórpháirtithe, gur éirigh an príomhiarrthóir as an iomaíocht tar éis na dtoghchán tosaigh.
Tá sé seo ar cheann de na rudaí ba luaithe a chaith Poblachtánaigh amach go poiblí mar fhreagra ar fhógra Biden. Dúirt Spéicéir Theach na nIonadaithe Mike Johnson go bhféadfadh agóid dlí bheith indéanta i roinnt Stát de bharr iomaitheoir nua bheith sa rás.
Léiriú soiléir air seo an dúshlán a bheadh roimh Phoblachtánaigh ó Kamala Harris nó iarrthóir eile Daonlathach, mar go raibh an oiread d'fheachtas Trump bunaithe ar Biden go pearsanta ar a aois agus ar na botúin cainte a dhéanann sé. Anois tá an fócas seo imithe.
Go deimhin, i sraith postálacha rámhailleacha ar Truth Social, a mheán sóisialta féin, dúirt Trump go mbeadh Poblachtánaigh i dteideal cúitimh a fháíl ó Dhaonlathaigh as an dua agus na dollair atá caite acu in éadan Biden.
Más in aghaidh Kamala Harris a bheidh Donald Trump ag rith, agus nil sé sin deimhithe go fóill, beidh air athshamhlú a dhéanamh ar a fheachtas.
Tá Daonlathaigh cheana féin ag múnlú na hiomaíochta anois ina chath idir an tIonchúisitheoir agus an Ciontóir.