skip to main content

Derry O'Rourke ciontaithe i gcailín a éigniú 35 bhliana ó shin

Tá an t-iarchóitseálaí snámha idirnáisiúnta Derry O'Rourke ciontaithe i gcailín a éigniú agus in ionsaithe gnéis uirthi 35 bhliain ó shin, tráth a bhí sí ina déagóir.

Bhí O'Rourke tar éís pléadáil neamhchiontach i gcúiseamh amháin éíginithe agus i 15 chúiseamh d'ionsaí mígheanasach i scoil ar dhátaí idir Dheireadh Fómhair 1989 agus Meitheamh 1990.

Idir 13 agus 14 bhliana d'aois a bhí an cailin ag an am.

Theoraigh an Breitheamh Melanie Greally don ghiúiré i rith na trialach é a fháíl neamhchiontach i 4 cinn de na cúisimh sin, rud a d'fhág gur cúiseamh amháín éignithe agus 11 chúiseamh d'ionsaí mígheanasach a bhí fágtha.

Cuig huaire go leith a thóg sé ar an ngiúiré a mbreith a aontú, ar an gcúigiú lá den triail, agus O'Rourke a chiontú sna 12 chúiseamh.

Tá O'Rourke, atá 78 mbliana d'aois as Bóthar Achadh an Iúir, An Cábhán, curtha siar faoi choinneáil go gcuirfear pianbreith air an 30 Iúil.

Cé nach raibh O'Rourke ar fónamh agus gur chaith sé seal san oispidéal le gairid, dúirt a abhchóide nárbh údar é sin leis an bpianbhreith a chur siar.

Cuireadh téarma príosúnachta 12 bhliain ar O'Rourke cheana mí Eanáír 1998, tar éís dó pléadáil ciontach ag Cúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath in 29 gcúiseamh a bhain le hionsaithe gnéis, ionsaithe mígheanasacha agus salú a dhéanamh ar 11 chailín idir 1976 agus 1992.