Tá beirt básaithe tar éis eachtra inar bhuail dhá charr faoina chéile i gCo. Dhún na nGall.
Go gairid roimh mheánoíche aréir a tharla an t-imbhualadh ar an N56 ag Cill Mhic Réanáin, gar do Leitir Ceanainn.
Beirt sna 70aí, bean agus fear atá básaite. Bhí siad sa charr céanna agus tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp na beirte.
Tugadh bean atá ina cuid 40aí chuig Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn le cóir leighis a chur uirthi. Gortaíodh do gona í ach níl a beatha i mbaol, tuigtear.
Bhí sí sa charr eile a bhí san eachtra.
Tá finnéithe á lorg ag na Gardaí, agus ag iarraidh ar thiománaithe a bhí sa cheantar ag an am aon fhíseán atá acu a chur ar fáil dóibh. Is féidir glaoch ar stáisiún Garda Bhaile na nGallóglach 074 915 3060, ar an líne rúndachta 1800 666 111 nó ar aon stáisiún eile Garda.
Bhásaigh fear in eachtra gluaisrothair i mBaile Átha Cliath inné. Fear sna ficheadaí a bhi ann agus ní raibh aon fheithicil eile bainteach leis an eachtra.
Fágann seo líon na mbásanna ar an mbóthar i mbliana ag 109, sin 167 níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh.