Tá fear tógtha ag Gardaí faoin mbagairt báis a rinneadh ar uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald agus ar Choimisinéir na nGardaí Drew Harris.
Gabhadh an fear, atá 28 mbliana d'aois ag a theach cónaithe i Rath Fearnáin ar maidin, agus tá sé á choinneáil faoi Alt 4 den Acht um an Ceartas Coiriúil faoinar féidir é a choinneáíl ar feadh 24 uaire.
Scaipeadh físeán ar na meáin shóisialta agus fear ann a bhí ag caitheamh púicín balaclava ag bagairt go gcaithfeadh sé Mary Lou McDonald agus go mbainfeadh sé a scórnach de Drew Harris.
Bhagair an fear ar Ghardaí na Cúlóige á rá go gcaithfeadh sé buama peitril leo.
Níor thóg sé i bhfad ar lucht an fhiosrúcháin choiriúil a bunaíodh tar éis na heachtra, an té ata gafa anois a aithint.
Rinneadh cuardach an teach agus bailíodh ábhar a d'fhéadfadh bheith ina fhianaise amach anseo.
Tá iniúchadh á dhéanamh freisin ar a phróifíl meán sóisialta.