Dealraíonn sé gurbh é diúracán de chuid na Rúise a bhuail ospidéal leanaí i gCív, príomhchathair na hÚcráine, inné, a deir eagraíocht de chuid na Náisiún Aontaithe a dhéanann monatóireacht ar chearta daonna.
Séanann an Rúis gur dhírigh siad ar Ospidéal Ohmatdyt na Leanaí, atá ar an ospidéal leanaí is mó san Úcráin; deir siad gurbh é blúirí de roicéad frith-diúracáin de chuid na hÚcráine a rinne an damáiste.
Buaileadh an t-ospidéal le linn rabharta ionsaithe diúracán a rinne an Rúis ar an Úcráine inné. Maraíodh 36 duine sna hionsaithe agus gortaíodh 140. Maraíodh beirt in Ospidéal Ohmatdyt.
"Léiríonn anailís a rinneadh ar fhíseáin go bhfuil gach cosúlacht ar an scéal gur ionsaí díreach a bhí ann, seachas blúirí diúracáin cosanta de chuid na hÚcráine", a dúirt Danielle Bell, ceannasaí na heagraíochta monatóireachta de chuid na Náisiún Aontaithe san Úcráin.
Thug a foireann cuairt ar láthair an ospidéil inné, ach ní raibh siad in ann deimhniú 100% a thabhairt gur ionsaí díreach de chuid na Rúise a bhí ann, áfach.
Cuirtear cóir leighis ar leanaí a bhfuil tinneas tromchúiseach orthu in Ospidéal Ohmatyl. Bhí 670 leanbh agus 1,000 oibrí san ospidéal nuair a ionsaíodh é.
B'éigean don bhfoireann na leanaí a aistriú isteach i mbuncar nuair a tharla an t-ospidéal.
Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Vlodomyr Zelensky, go ndearnadh damáiste go 100 foirgneamh le linn na n-ionsaithe inné. Le cois an ospidéil, ionsaíodh ospidéal máithreachais, ionaid chúram leanaí agus ionad gnó, a dúirt sé.
"Tá sceimhlitheoirí na Rúise freagrach as seo", a dúirt an tUachtarán Zelensky. "Ní fiú comhbhrón a léiriú linn. Ní chuidíonn trua linn. Ní harm é an comhbhrón."