'Eadránaí iontaofa' a bheidh i Keir Starmer, a deir sé féin, in aon vóta a ghairmfear ar cheist na teorann.
Bhí an Príomh-Aire Nua ag caint ag Stormont ar maidin agus é ar cuairt ar Bhéal Feirste.
Athrú é seo ar sheasamh a ghlac sé roimhe seo nuair a dúirt gur ag stocaireacht ar son an Aontais a bheadh sé, in aon reifreann ar an ábhar.
Cé go ndúirt sé anuraidh nach bhfaca sé aon reifreann ar na bacáin, dúirt sé inniu gur foráil de chuid Chomhaontas Bhéal Feirste a bhí ann, agus go raibh sé féin tiomanta don chomhaontas sin.
Chuir sé béim an athuair ar an mian atá ann caidreamh maith a atbhunú le Rialtas na hÉireann, caidreamh a bhí thíos le cur chuige na rialtas Caomhacha sa mBreatain.
D'fhéachfadh sé lena chinntiú, a dúirt sé, go mbeadh an caidreamh sin bunaithe ar an gcomhar agus ar an ómós.
Níor thug sé le fios cén dearcadh a bhí ar go sonrach ar agóid dlí Rialtas na hÉireann i gcúirteanna na hEorpa in aghaidh an achta oidhreachta a chuir deireadh lena thuilleadh iniúchta ar mharuithe i rith na dTriobhóidí.
Pléifear an cheist sin nuair a bhuailfaidh an Taoiseach leis an bPríomh-Aire an tseachtain seo chugainn i Sráid Downing.
Bhí cruinnithe aige leis an gCéad Aire Michelle O'Neill agus leis an Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly agus ina dhaidh sin le ceannairí pháirithe eile Gavin Robsinson an DUP, Naomi Long na Comhghuaillíochta agus Colm Eastwood an SDLP.
Labhair Robinson faoi na dúshláin airgeadais atá roimh an bhFeidhmeannacht agus faoin tábhacht a bhaineann le tacaíocht Rialtas na Breataine don chaidreamh idir phobail go hinmheánach sa Tuaisceart.
Chuir Naomi Long béim ar Rialtas na Breataine bheith ag plé go neodrach agus go cothrom le gach páirtí agus leis an Tionól sa Tuaisceart, chomh maith le ceist an achta oidhreachta.
Dúirt Colm Eastwood 'go dtuigeann' Keir Starmer an Tuaisceart agus gur thuig sé na ceisteanna bhí le cur air sular cuireadh iad. Leag sé béim a dúirt sé, ar thuilleadh maoinithe don tseirbhís sláinte agus d'ardaigh ceist Pháirc Mhic Easmuinn freisin.
Dúirt an Stát-Rúnaí nua Hilary Benn go n-oibreodh sé le Rialtas na hÉireann ar chur chuige nua le ceisteanna oidhreachta ó na Trioblóidí. Bhí sé geallta ag Páirtí an Lucht Oibre go ndéanfaí athghairm ar an Acht Oidhreachta conspóideach.
Gheall sé freisin go ndtógfar an staid nua ag Páirc Mhic Easmuinn ach níor fhéad sé aon gheallúint a thabhairt go gcríochnófaí amach é in am do Euro 2028.