Is é Roderic O'Gorman an ceannaire nuathofa ar Chomhaontas Glas.
Dheimhnigh an páirtí ag ócáid i mbialann Bewleys ar maidin gurb é an tAire Lánpháirtíochta a bheadh ag teacht i gcomharbacht ar Eamonn Ryan.
Vótáil 1896 ball sa toghchán, as na 3,425 duine a bhí i dteideal vóta a chaitheamh, agus bhain O'Gorman 984 vóta in aghaidh 912 don Aire Stáit agus Seanadóir Pippa Hackett.
Ní bheidh aon mhoill ar dul i mbun a róil, gus go deimhin féin is é O'Gorman a bhuailfidh leis an Taoiseach agus leis na Tánaiste tráthnóna do chruinniu seachtainiúil an Luain idir an triúr ceannairí roimh an gcruinniú comh-aireachta Dé Máirt.
Is beag a bhí idir an bheirt iarrthóirí, ach deir Roderic O'Gorman nach léíriú é seo ar scoilt sa pháirtí agus dúírt go raibh comórtais 'teann' mar seo acu cheana.
An chéad chéím eile chun tosaigh seachas athrú, a dúirt sé a bhí sa cheannaireacht nua.
Ar a chuid príorachtaí in oifig tá Buiséad 2025 san fhómhar agus a chinntiú nach féirín cánach atá ann.
Ní bheidh aon atheagar sa Rialtas á mholadh aige ach oiread, a dúírt sé. Faoin Taoiseach atá sé atheagar a dhéanamh agus a chur faoi bhráid an Uachtaráin.
Cheana féin tá suim léirithe ag Catherine Martin agus ag Eamon Ryan fanacht sna haireachtaí atá acu faoi láthair.
Mar fhreagra ar cheist faoi mhaoiniú RTÉ, thug sé a thacaíocht do sheasamh an Aire Meán Catherine Martin gur maoiniú díreach ón státchiste is fearr, in áit an cheadúnais teilifíse.
Tá Roderic O'Gorman 42 agus ina bhall de Chomhaontas Glas le hos cionn 25 bhliana.
Bhí sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí idir 2011 agus 2019, bhain suíochán ar Comhairle Chontae Fhine Gall i 2014 sular éirigh leis suíochán Dála a bhaint amach i 2020. Chinn air suíochán a fháil i 2007, 2011 agus 2016.