skip to main content

80 eitilt eile curtha ar ceal ag Aer Lingus

Deasca Aer Lingus in Aerfort Bhaile Átha Cliath
Deasca Aer Lingus in Aerfort Bhaile Átha Cliath

Tá 80 eitilt eile curtha ar ceal ag Aer Lingus idir Déardaoin an 11 Iúil agus Dé Domhnaigh an 14 Iúil mar gheall ar an ngníomhaíocht thionsclaíoch atá ar bun ag píolótaí na haerlíne.

Deir Aer Lingus gur de ghrá an oiread seirbhísí agus is féidir a choinneáil ag imeacht a cuireadh na heitiltí is deireanaí ar ceal.

Moltar do phaisinéirí suíomh gréasáin an chomhlachta a cheadú lena fháil amach cé na heitiltí atá i gceist.

Is féidir leis na paisinéirí atá thíos leis a gcuid airgid a fháil ar ais nó eitilt eile a chur in áirithe.

Arú inné, d'fhógair Aer Lingus go raibh 76 eitilt curtha ar ceal acu idir an Luan agus an Chéadaoin seo chugainn, sin i gceann na 392 eitilt a bhí curtha ar ceal roimhe sin.

Rinne an Chúirt Oibreachais idirghabháil tráthnóna arú inné san aighneas a bhaineann le hardú pá.

Chuir an bhainistíocht agus na píolótaí a gcásanna éagsúla i láthair na Cúirte agus tá moladh réitigh le heisiúint "in am trátha".

Tá na píolótaí ag oibriú de réir rialach ón gCéadaoin an 26 Meitheamh agus chuaigh siad ar stailc ar feadh ocht n-uaire an chloig Dé Sathairn seo caite.

Tá ardú pá 23.8% á éileamh ag na píolótaí ach deir an bhainistíocht nach bhfuil an comhlacht in acmhainn a thabhairt dóibh.

Má thugtar aon ardú pá do na píolótaí, a deir an bhainistíocht, is in ómós athruithe ar a gcleachtais oibre a bheas sé.

Breis táirgiúlachta agus uainchláir níos scaoilte a theastaíonn ón mbainistíocht.

Creideann na píolótaí, áfach, go bhfuil siad i dteideal ardú pá de réir gnáis agus de réir ráta an bhoilscithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ