Den chéad uair ó críochdheighleadh Éire céad bliain ó shin, is ag Sinn Féin thar aon pháirtí eile sa Tuaisceart atá an líon is mó suíochán i bparlaimint Westminster.
Agus gach ceann den ocht suíochán déag ó thuaidh líonta, tá seacht suíochán ag Sinn Féin, an líon céanna agus a bhí acu sa pharlaimint dheireanach, sna toghcheantair chéanna.
Cúig shuíochán atá ag an DUP anois, seachas na hocht gcinn a bhí acu roimhe seo.
Choinnigh an SDLP an dá shuíochán a bhí acusan sa pharlaimint dheireanach agus tá suíochán amháin an páirtí ag an TUV, ag Páirtí Aontachtach Uladh agus ag Páirtí na Comhghuaillíochta.
Is é an t-aontachtaí Alex Easton an t-aon iarrthóir neamhspleách a toghadh. Sa Dún Thuaidh ar Stephen Farry ó Pháirtí na Comhghuaillíochta a rinne sé an éadáil.
Mar leis na trí shuíochán a chaill an DUP, fuair ceannaire an TUV Jim Allister an ceann is fearr ar Ian Paisley in Aontroim Thuaidh; Sorcha Eastwood ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, toghadh í i nGleann an Lagáin in áit Jeffrey Donaldson nach raibh san iomaíocht an uair seo; agus Robin Swann ó Pháirtí Aontachtach Uladh, thóg seisean an suíochán in Aontroim Theas ó Paul Girvan.
Is iad feisirí Shinn Féin John Finucane (Béal Feirste Thuaidh); Paul Maskey (Béal Feirste Thiar); Pat Cullen (Fear Manach agus Tír Eoghain Theas); Cathal Mallaghan (Lár-Uladh): Dáire Hughes (An tIúr agus Ard Mhacha); Chris Hazzard (An Dún Theas); agus Órfhlaith Begley (Tír Eoghain Thiar).
Feisirí nua is ea Pat Cullen, Cathal Mallaghan agus Dáire Hughes.
Gavin Robinson (Béal Feirste Thoir); Sammy Wilson (Aontroim Thoir); Gregory Campbell (Doire Thoir); Jim Shannon (Loch Cuan); agus Carla Lockhart (An Bhanna Uachtarach), sin iad feisirí an DUP.
Is iad Colum Eastwood (An Feabhal) agus Claire Hanna (Béal Feirste Theas agus an Dún Láir) beirt fheisirí an SDLP.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ