skip to main content

Trí bliana príosúin gearrtha ar Gharda faoi chaimiléireacht

Joseph Doyle (Íomhá: Collins)
Joseph Doyle (Íomhá: Collins)

I gCúirt Chuarda Bhaile Átha Troim i gCo na Mí, gearradh téarma príosúin trí bliana ar chomhalta den Gharda Síochána faoi chaimiléireacht agus faoi dhallamullóg a chur ar dhaoine.

Sin é Joseph Doyle, 38 bliain d'aois, as Cill Choca i gCo Chill Dara a phléadáil ciontach i 29 cúis shamplach ar an tríú lá dá thriail an mhí seo caite.

89 cúis a bhí curtha ina leith ar an gcéad dul síos.

Bhain na cúiseanna le caimiléireacht, dallamullóg a chur ar dhaoine agus sciúradh airgid idir 2018 agus 2020.

Maidir leis an 29 cúis shamplach, dúradh go bhfuair sé €3,585 ar a laghad dá mbíthin.

Mar Gharda Síochána a bhí bunaithe san Uaimh i gCo na Mí, bhí Joseph Doyle freagrach as cigireacht a dhéanamh ar fheithiclí seirbhíse poiblí.

Agus é i mbun a chúraim, áfach, ghearr sé €25 ar úinéirí na bhfeithiclí sin as tástálacha bréagacha a dhéanamh ar na coscáin.

D'iarr sé freisin €60 as ceadúnais a lamháil do bhusanna scoile, cé nár ghá táille ar bith a íoc.

Ina cheann sin, mheall sé daoine le síntiúis a thabhairt do charthanais mar dhea.

Dúirt an Breitheamh John Martin gur bhain Joseph Doyle mí-úsáid as a phost ceannasach le teacht i dtír ar dhaoine.

Saint údar an fheillbhirt, a dúirt an breitheamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ