skip to main content

Líomhaintí a rinne imreoirí sacair ban á bhfiosrú ag na Gardaí

Fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi líomhaintí atá déanta ag imreoirí sacair ban
Fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi líomhaintí atá déanta ag imreoirí sacair ban

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag an nGarda Síochána faoi líomhaintí atá déanta ag imreoirí sacair ban gur thathain cóitseálaí fir orthu go gnéasach in aghaidh a dtola sna 1990í.

Tá gearán déanta faoi chóitseálaí fir eile freisin.

Tháinig na líomhaintí chun solais le linn fiosrúchán a rinne iriseoirí ó RTÉ agus ó nuachtán an Sunday Independent in éindí i gcaitheamh dhá bhliain go leith.

Chuir na hiriseoirí agallamh ar na dosaein imreoirí ban agus an fiosrúchán ar bun acu.

Tá an scéal ar fad le foilsiú ar an Sunday Independent agus ar independent.ie Dé Domhnaigh seo chugainn.

Craolfar clár speisialta faoin scéal ar theilifís RTÉ oíche Dé Domhnaigh agus cuirfear i gcló é ar shuíomh gréasáin RTÉ chomh maith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ