I gCúirt Choiriúil Chuarda an Mhuilinn Chearr, gearradh téarma príosúin aon bhliain déag ar fhear gnó a phléadáil ciontach i luach €8.4 milliún de chócaon a thabhairt isteach sa tír seo ón bhFrainc in eitleán beag.
Sin é Tim Gilchrist, 56 bliain d'aois, as an Ráth Nua i bPort Láirge ar ghabh na Gardaí é nuair a fuair siad 120 cileagram de chócaon ina ghluaisteán ar an 4 Lúnasa 2022.
Go gairid roimhe sin, tháinig sé go hAeradróm Mhainistir Shruthla i gCo an Longfoirt ó Dieppe sa Normainn in eitleán Cessna.
Mhaígh Tim Gilchrist gur cuireadh iallach air dul i bpáirt le coirpigh agus dúirt gur bhagair beirt fhear go ndéanfaidís díobháil dá iníon mura gcuideodh sé leo drugaí a smuigleáil.
Dúirt na Gardaí, áfach, nach raibh aon fhírinne sa scéal sin.
Tugadh le fios sa chúirt nach raibh oifigigh chustaim san aerardróm in Dieppe ná san aeradróm i Mainistir Shruthla agus gur bealach oscailte a bhí ann do dhaoine a bhí ag smuigleáil drugaí agus earraí eile isteach in Éirinn.
Dúirt an Breitheamh Keenan Johnson gur chóir na socruithe slándála atá i bhfeidhm in aeradróim na tíre a fheabhsú go mór i bhfianaise ar tháinig chun solais i gcás Tim Gilchrist.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ