Tá daoine sa Tuaisceart ag vótáil ó mhaidin inniu i dtoghchán Westminster. Ocht suíochán déag atá le líonadh ó thuaidh agus tá 136 iarrthóir san iomaíocht lena n-aghaidh.
Sa pharlaimint dheireanach, bhí ocht suíochán ag an DUP, seacht gcinn ag neamhláithrithe Shinn Féin, péire ag an SDLP agus ceann ag Páirtí na Comhghuaillíochta.
Murab ionann agus an Stát seo, ní vótáiltear ach ar son duine amháin i ngach toghcheantar agus is duine amháin a thoghtar.
D'oscail na hionaid vótála ag 7 a chlog ar maidin agus dúnfaidh siad ag 10 a chlog anocht.
Tosófar ag scagadh agus comhaireamh na vótaí láithreach agus meastar go bhfógrófar na chéad torthaí óna 11.30 ar aghaidh.
Beidh gach ceann de na suíocháin líonta faoi am bricfeasta amárach nó faoin eadra ar a dheireanaí.
Glactar leis go mbuafaidh Páirtí Lucht Oibre na Breataine an t-olltoghchán agus go mbeidh Keir Starmer ina chéad Phríomh-Aire eile.
Faoi láthair, is é Hilary Benn urlabhraí an pháirtí sin ar ghnóthaí an Tuaiscirt.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ