skip to main content

Corp fir faighte amach ó Inis Bó Finne i gCo na Gaillimhe

Tugadh corp an fhir i dtír ar héileacaptar an Gharda Cósta
Tugadh corp an fhir i dtír ar héileacaptar an Gharda Cósta

Fuarthas corp fir san uisce amach ó Chluanach Mhór in Inis Bó Finne i gCo na Gaillimhe go gairid tar éis an mheán oíche aréir.

Tugadh corp an fhir i dtír ar an oileán ar héileacaptar an Gharda Cósta agus aistríodh é chun na míntíre ar bhád tarrthála ina dhiaidh sin.

Bhí an fear ag iascaireacht i mbád beag amach ó Inis Bó Finne agus ní raibh aon tuairisc air le dhá lá.

Fuarthas an bád béal fúithi in aice lena chorp.

Tuigtear gur sna caogaidí a bhí an fear agus gur de bhunadh Inis Bó Finne é.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ