Tá sé tugtha le fios ag an Aire Airgeadais Jack Chambers gur Dé Máirt an 1 Deireadh Fómhair a fhógrófar Buiséad 2025, seachtain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.
Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh sé gur chiallmhar an beart é an Buiséad a fhógairt an lá sin mar go raibh sé de dhualgas air féin agus ar an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe freastal ar dhá chruinniú thábhachtacha sa Bhruiséil an tseachtain dar gcionn.
Thug Jack Chambers le tuiscint gur chuir sé san áireamh freisin, agus an dáta á athrú aige, go gcaithfeadh an Rialtas sonraí an Bhuiséid a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar an 15 Deireadh Fómhair.
Níl aon bhaint ag an gcinneadh, a dúirt sé, leis an tuairimíocht atá ann go mb'fhéidir go ngairmfí olltoghchán níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.
Tá rún diongbháilte ag an Rialtas a théarma iomlán a chur isteach agus beidh an t-am sin ag teastáil lena mbeidh sa Bhuiséad a chur i bhfeidhm, arsa sé.
Ceapadh Jack Chambers ina Aire Airgeadais an tseachtain seo caite in áit Michael McGrath a ainmníodh ina Choimisinéir Eorpach thar ceann na tíre seo.
Níl aon ghlacadh ag Sinn Féin leis an míniú a thug Jack Chambers ar dháta an Bhuiséid a athrú.
Tá sé áíféiseach mar mhíniú, dar le hurlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty.
Dúirt an Dochartach nach mbeadh figiúirí ioncaim agus caiteachais Mheán Fómhair, ar figiúirí cinniúnacha iad, nach mbeidís ar fáil don Aire Airgeadais agus an Buiséad á réiteach aige in am don 1 Deireadh Fómhair.
Is léir mar sin, arsa fear Shinn Féin, gur ag fáil faoi réir d'olltoghchán luath atá an Rialtas agus gur ag iarraidh an dallmullóg a chur ar an bpobal atáthar.
In ainneoin ar mhaígh Sinn Féin, rinne an Taoiseach Simon Harris athrá ar an méid a thug Jack Chambers le fios agus dúirt nár ghá go mbeadh olltoghchán ann go luath díreach ar an ábhar go raibh an Buiséad le fógairt go luath.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ