skip to main content

Fear cúisithe i mbean scothaosta a dhúnmharú i nDún Dealgan

Bhí Pat Muckian 81 bliain d'aois
Bhí Pat Muckian 81 bliain d'aois

Tugadh fear 47 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Dhún Dealgan i gCo Lú inniu agus é cúisithe i mbean 81 bliain a dhúnmharú.

Sin é Nicholas Muckian as Coill an Ghleanna i nDún Dealgan a raibh sé curtha ina leith cheana gur ionsaigh sé triúr ban agus go ndearna sé díobháil dóibh i gCoill an Ghleanna ar an 3 Bealtaine 2024.

Bhí sé cúisithe freisin ar an gceathrú duine a imeaglú le tua.

Ó bhásaigh duine den triúr ban ó shin, dúradh sa chúirt inniu go raibh Nicholas Muckian cúisithe ina dúnmharú anois.

Bhásaigh Patricia 'Pat' Muckian san ospidéal i mBaile Átha Cliath deich lá i ndiaidh an ionsaithe.

Cuireadh Nicholas Muckian siar faoi choinneáil go ceann seachtaine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ