skip to main content

Fear sna hochtóidí maraithe i dtimpiste bóthair i gCo na hIarmhí

Ar bhóthar an R394 in aice le Baile na gCros i gCo na hIarmhí a bhí an timpiste
Ar bhóthar an R394 in aice le Baile na gCros i gCo na hIarmhí a bhí an timpiste

Maraíodh fear sna hochtóidí agus gortaíodh triúr i dtimpiste bóthair a bhí i gCo na hIarmhí ar maidin inniu.

Bhí an fear a maraíodh ina phaisinéir i gceann de dhá ghluaisteán a bhuail faoina chéile i mBaile an Gheartlúnaigh in aice le Baile na gCros ag thart ar 5.30 ar maidin.

Bean sna seascaidí a bhí ag tiomáint an ghluaisteáin ina raibh an fear agus gortaíodh go dona í sa bhrúscán.

Tá cóír leighis á cur uirthi in Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre i dTulach Mhór.

Gortaíodh freisin beirt fhear a bhí sa charr eile. Tá duine den bheirt sna fichidí agus tá an duine eile sna tríochaidí.

Tá cóir leighis á cur ar na fir in ospidéil éagsúla. Deirtear nach bhfuil beatha cheachtar den bheirt i mbaol.

Maraíodh fear sna caogaidí i dtionóisc bhóthair eile a bhí i gCo na hIarmhí inné.

D'imigh an gluaisteán a bhí an fear a thiomáint den bhóthar sa Taobh Riabhach in aice le Baile na gCros.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ