skip to main content

Coiste Oireachtais le tuarascáil faoi mhaoiniú RTÉ a fhoilsiú

Maoiniú RTÉ á chíoradh ag polaiteoirí
Maoiniú RTÉ á chíoradh ag polaiteoirí

Tá Comhchoiste Meán an Oireachtais le tuarascáil a fhoilsiú tráthnóna inniu maidir le maoiniú na meán seirbhíse poiblí, RTÉ san áireamh.

Maoiniú díreach ón Státchistse nó táille a bhailiú ar bhealach éigin na roghanna ar bhreathnaigh an coiste orthu.

Níos túisce inniu, dúirt Aire na Meán Catherine Martin go raibh sí dóchasach go ndéanfaí cinneadh faoi mhaoiniú RTÉ dóigh nó dóigh eile roimh dheireadh na míosa.

Cé go bhfuil sí féin i bhfabhar maoiniú díreach ón Státchiste, is é leas na craoltóireachta seirbhíse poiblí an rud is tábhachtaí i ndeireadh na dála, a dúirt sí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ