Bhí 80,000 duine breise ag brath ar sholáthairtí uisce poiblí a raibh "contúirt" ag baint leo anuraidh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, de réir taighde atá curtha ar fáil ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
561,000 duine a bhí i gceist in 2023 le hais 481,000 in 2022, ar ardú 17% é sin.
Nuair a chuirtear figiúirí 2021 san áireamh freisin, ardú 50% a bhí ann in imeacht dhá bhliain.
Is iad an chomhdhúil cheimiceach tríhalaimeatán agus an t-orgánach prótasónach cripteaspóiridiam is mó is cúis leis an uisce a bheith "contúirteach".
Ina cheann sin, deirtear gur údar imní an éiginnteacht agus an éadaingne a bhaineann le roinnt soláthairtí uisce.
Tarraingítear aird sa taighde ar 57 soláthar uisce in áiteanna éagsúla sa Stát a bhfuil obair fheabhsúcháin de dhíth orthu.
Os a choinne sin, tríd is tríd, a deirtear sa taighde, tá caighdeán an uisce óil sa Stát "an-ard".
99.7% de na samplaí uisce a scrúdaigh na taighdeoirí, bhí siad sábháilte le n-ól.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ