Rinne an Chúirt Oibreachais idirghabháil tráthnóna inniu san aighneas idir an bhainistíocht agus na píolótaí in Aer Lingus.
Inné, chuir an dá thaobh aighneachtaí scríofa chuig an gCúirt agus chuir siad a gcásanna éagsúla i láthair na Cúirte inniu.
Thosaigh an éisteacht ag 2.30 agus chríochnaigh sé go gairid roimh 6 a chlog.
Tá an Chúirt lena marana a dhéanamh ar ar cuireadh ina láthair inniu agus eiseofar moladh réitigh "in am trátha".
Roimh an éisteacht inniu, d'iarr an Chúirt nach ndéanfaí dada a ghéaródh an t-aighneas.
Tá na píolótaí ag oibriú de réir rialach agus bhí 392 curtha ar ceal ag Aer Lingus go nuige inniu mar thoradh air sin.
D'fhógair an aerlíne ar maidin inniu go raibh 76 eitlit eile fós curtha ar ceal acu.
Tá ardú pá 23.8% ó na píolótaí ach deir an bhainistíocht nach bhfuil an comhlacht in acmhainn a thabhairt dóibh.
Má thugtar aon ardú pá do na píolótaí, a deir an bhainistíocht, is in ómós athruithe ar a gcleachtais oibre a bheas sé.
Breis táirgiúlachta agus uainchláir níos scaoilte a theastaíonn ón mbainistíocht.
Creideann na píolótaí, áfach, go bhfuil siad i dteideal ardú pá de réir gnáis agus de réir ráta an bhoilscithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ