skip to main content

Bean agus a hiníon óg maraithe i dtimpiste bóthair i Maigh Eo

Sa Chaladh idir Béal Easa agus Béal Átha na Muice a tharla an tionóis
Sa Chaladh idir Béal Easa agus Béal Átha na Muice a tharla an tionóis

Maraíodh bean agus a hiníon óg i dtimpiste bóthair a bhí i gCo Mhaigh Eo tráthnóna inné.

B'in iad Aisling Moore a bhí 46 bliain agus a hiníon Abbigael a bhí ocht mbliana.

Maraíodh an bheirt nuair a bhuail an gluaisteán ina raibh siad agus leoraí faoina chéile sa Chaladh idir Béal Easa agus Béal Átha na Muice ag thart ar 6 a chlog tráthnóna inné.

Gortaíodh tiománaí an leoraí ach tuigtear nach bhfuil a bheatha i mbaol.

Abbigael agus Aisling Moore

Dúirt an Ceannfort Liam Geraghty ón nGarda Síochána nach raibh an aimsir sa cheantar go maith ag an am.

Thug sé le fios go bhfuil roinnt corthaí sa chuid den bhóthar inar tharla an tionóisc agus go bhfuil línte bána dúbailte ann chomh maith.

Is iad na na Gardaí i mBéal an Átha ag fiosrú na tubaiste agus tá siad ag iarraidh labhairt le daoine a bhí ar bhóthar an N26 idir Béal Easa agus Béal Átha na Muice idir 5 a chlog agus 6 a chlog tráthnóna inné, go háirithe daoine a mbeadh íomhánnna ó cheamaraí deaise acu.

Maraíodh fear sna caogaidí i dtionóisc bhóthair eile a bhí i gCo na hIarmhí inné.

D'imigh an gluaisteán a bhí an fear a thiomáint den bhóthar sa Taobh Riabhach in aice le Baile na gCros ag thart ar 6.40 tráthnóna inné.

97 duine a maraíodh i dtimpistí bóthair sa Stát go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 85 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ