skip to main content

Turasóir a ionsaíodh san ardchathair tar éis bháis

Tá an turasóir a ionsaíodh i mBaile Átha Cliath naoi lá ó shin tar éis bháis san ospidéal.

As Montreal, Ceanada do Neno Nolmajian agus bhí sé 41 bhliain d'aois.

Ar Shráid Uí Chonaill a ionsaíodh é go luath maidin an 23 Meitheamh seo caite.

Gortaíodh go dona san ionsaí é agus tugadh chuig ospidéal an Mhater é mar ar bhásaigh sé inniu.

Bhí a thuismitheoirí agus a dheirfiúr in éineacht leis nuair a d'éag sé.

Tá ceathrar gafa ag Gardaí faoin ionsaí agus tá beirt acu tar éis bheith os comhair cúirte.

Cúisíodh Ionut Danca, 24, as Cearnóg Ráth an Dúin, An Cuarbhóthar Thuaidh, BÁC, agus Madalin Ghuizan, 23 as Páráid Chnoc an tSamhraidh i mBÁC, in ionsaí is triúig dhochair do Neno Nolmajian.

Diúltaíodh bannaí don bheirt fhear ag Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath agus cuireadh siad faoi coinneáil iad.