skip to main content

Cúirt Oibreachais ag idirghabháil in aighneas Aer Lingus

Tá idirghabháil fhoirmiúil a dhéanamh ag an Chúirt Oibreachais san aighneas pá leanúnach idir lucht bainistíochta Aer Lingus agus Cumann Píolótaí Aerlínte na hÉireann (IALPA).

Tá éisteacht cúirte le bheith ann amárach.

Tá sé iarrtha ag an gCúirt nach ndéanfaí aon ghéarú ar an aighneas agus go bhfanfadh an obair de réir rialach atá ar bun ag baill IALPA le Aer Lingus faoi láthair.

Chas an Chúirt Oibreachais leis an dá pháirtí ar feadh ocht n-uaire an chloig inné go dtí gur cuireadh in iúl do na páirtithe go úsáidfidh an Chúirt Oibreachais a gcearta, chun idirghabháil a dhéanamh san aighneas faoin Acht Caidrimh Thionscail.

Tá sé iarrtha ag an Chúirt go ndéanfadh na páirtithe aighneachtaí deiridh scríofa faoi dheireadh lae inniu.

Beidh moladh ón gCúirt Oibreachais ina dhiaidh na héisteachta amárach.

D'fhág bainistíocht Aer Lingus agus IALPA an chúirt aréir tar éis an 11 i.n.

Dúirt Uachtarán IALPA, an captaen Mark Tighe, gur dhiúltaigh an comhlacht bogadh óna sheasamh agus lean siad ar aghaidh ag iarraidh athruithe solúbthachta agus táirgiúlachta mar mhalairt ar aon arduithe pá thar 12.25%, rud a bhí comhaontaithe cheana féin le grúpaí oibrithe eile.

Mháigh sé fosta gur thug Aer Lingus níos mó éilimh úra chun tosaigh nach raibh feicthe ag an gCúirt Oibreachais riamh roimhe seo.

Ag fágáil na gcainteanna dó, chuir Príomhoifigeacha Gnóthaí Corparáideacha, Donal Moriarty síos ar an ghníomhú leis an Chúirt Oibreachais mar rud cuiditheach.

Tá sé ráite ag an Taoiseach Simon Harris go gcuireann sé fáilte roimh chinneadh na Cúirte Oibreachais idirghabháil a dhéanamh san aighneas.

Labhair Harris ar na hiarmhairtí do phaisinéirí atá ag dul thar lear agus do dhaoine atá ag teacht chun na tíre ag an bhomaite. Dúirt an tUasal Harris gurbgh e an t-aon dóigh ar féidir an t-aighneas seo a réiteach ná suí síos agus teacht ar réiteach.

Ar an Satharn ghlac píolótaí Aer Lingus atá mar bhaill de IALPA, páirt i stailc ocht n-uaire.

Tá siad ag leanúint ar aghaidh ag oibriú de réir rialach, ó thosaigh an stailc ar an Chéadaoin.

Ó thosaigh an ghníomhaíocht thionsclaíoch, tá 392 eitilt curtha ar ceal agus tá níos mó ar an bhealach mura dtiocfar ar réiteach.